sroich, v.t. & i. Reach, attain. 1. Áit a shroicheadh, to reach a place. Shroich siad port, they made port. Nuair a shroich mé an baile, when I arrived home. 2. Aois áirithe a shroicheadh, to attain a certain age. Tá an céad ~te aige, (of age, score) he has reached the hundred mark. 3. Cuspóir a shroicheadh, to achieve a purpose. Shroich liom é a dhéanamh, I managed to do it. Shroich siad iasc ar na líonáin, they succeeded in getting fish in the shallow waters. Shroich sé sonuachar dó féin, he got himself a good wife. 4. ~eadh ar rud, to reach for sth. An dtig leat ~eadh anonn go dtí an bord? Can you reach over to the table? Má shroichimse chomh fada leat, if I catch up with you.