Inneall idirghníomhach é An Draoi Gramadaí atá bunaithe ar an mBunachar Gramadaí. Cuideoidh sé leat ainmfhocail, aidiachtaí agus réamhfhocail a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na Gaeilge.
Tá an Draoi Gramadaí le fáil ar an leathanach baile díreach faoi bhun an ghnáthbhosca cuardaigh.
Tá trí phatrún gramadaí le fáil sa Draoi Gramadaí faoi láthair. Is iad sin:
Chun teacht ar na patrúin éagsúla ní gá ach cliceáil ar an mbosca ag barr an Draoi Gramadaí agus ceann acu a roghnú.
Chun ainmfhocal agus aidiacht a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na Gaeilge, roghnaigh ainmfhocal sa chéad bhosca agus roghnaigh aidiacht sa dara bosca. Is féidir iad a chlóscríobh isteach nó iad a roghnú ón liosta aníos.
Tiocfaidh an t-eolas cuí aníos faoi bhun an Draoi Gramadaí. Gheobhaidh tú eolas i dtaca le huatha agus iolra, ainmneach agus ginideach, leis an alt agus gan an t-alt.
Chun réamhfhocal agus ainmfhocal a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na Gaeilge roghnaigh réamhfhocal sa chéad bhosca agus roghnaigh ainmfhocal sa dara bosca. Is féidir iad a chlóscríobh isteach nó iad a roghnú ón liosta aníos.
Tiocfaidh an t-eolas cuí aníos faoi bhun an Draoi Gramadaí. Gheobhaidh tú eolas i dtaca le huatha agus iolra, leis an alt agus gan an t-alt.
Rabhadh: I gcás na réamhfhocal ‘ar’ agus ‘thar’ is iad na rialacha a bhaineann le gnáthúsáid an ainmfhocail ar lorg na réamhfhocal sin a thaispeántar sa Draoi Gramadaí. Tabhair do d’aire, áfach, go bhfuil cásanna áirithe ann nach séimhítear an t-ainmfhocal (ar bord, thar ceann, srl).
Chun réamhfhocal, ainmfhocal agus aidiacht a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na Gaeilge roghnaigh réamhfhocal sa chéad bhosca, ainmfhocal sa dara bosca agus aidiacht sa tríú bosca. Is féidir iad a chlóscríobh isteach nó iad a roghnú ón liosta aníos.
Tiocfaidh an t-eolas cuí aníos faoi bhun an Draoi Gramadaí. Gheobhaidh tú eolas i dtaca le huatha agus iolra, leis an alt agus gan an t-alt. Tugtar aitheantas don chóras lárnach agus do chóras an tséimhithe araon sa Draoi Gramadaí.