Is suíomh idirlín insuiteáilte é Teanglann is féidir a shuiteáil mar aip ar do ghuthán póca, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire. Is ionann an leagan ar líne agus leagan na haipe ó thaobh ábhair agus feidhmeanna de. Gheobhaidh tú na foclóirí, an Draoi Gramadaí, an Cluiche Litrithe, agus na comhaid fuaime agus ghramadaí san aip, ach is gá a bheith ar líne chun an aip a úsáid. Ní oibreoidh sí gan ceangal idirlín. De réir mar a dhéanfar breisiú, cothabháil nó leasuithe ar ábhar agus ar fheidhmeanna an tsuímh, beidh na hathruithe sin le feiceáil láithreach san aip.
Chun Teanglann a shuiteáil mar aip ar do ghléas, cliceáil ar an nasc Suiteáil an aip atá le fáil ag barr gach leathanaigh. De ghnáth, suiteálfar aip Teanglann ar do ghléas láithreach. Gheobhaidh tú deilbhín Teanglann i measc na ndeilbhíní eile ar do ghléas, agus beidh tú ábalta Teanglann a oscailt tríd an deilbhín sin.
Uaireanta, má bhíonn tú ag úsáid brabhsálaí nach dtacaíonn go hiomlán le suíomhanna idirlín insuiteáilte, ní oibreoidh an nasc sin. Ba chóir, áfach, go mbeifeá fós ábalta an aip a shuiteáil ach cliceáil ar shiombail suiteála a chuireann an brabhsálaí ar fáil in aice leis an URL.
Tabhair faoi deara nach bhfuil d’acmhainn againn tacú go leanúnach leis an aip atá nó a bhí ar fáil ar ardáin Android agus Apple roimhe seo. Tá i gceist go mbeadh an aip bainte de na hardáin sin faoi 30 Aibreán 2026.