EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
bread , s . Arán m . Brown bread , arán rua , donn . New bread , arán úr . Ship's bread , brioscaí farraige . A loaf of bread , builín m aráin . Bread and butter , (i) arán agus im (air) ; (ii) bia agus deoch , cothú m . Slice of bread , gearradh m aráin . He is earning his bread , tá sé ag saothrú a choda . He knows on which side his bread is buttered , is léir dó cad é atá lena leas . Bread and milk , arán bruite ar bhainne . To be on bread and water , bheith beo ar arán is ar uisce . Ecc : The bread and wine , an t-arán agus an fíon . To take the bread out of s.o.'s mouth , an greim a bhaint as béal duine .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Attrib. Ammunition boots, bread, etc. , bróga, arán, etc., ordanáis .
To bake bread , arán a bhruith .
Begging (for) his bread , ag iarraidh a choda .
Bread-fruit tree , crann toraidh aráin .
To break bread with s.o ., bia a chaitheamh i gcuibhreann duine .
Bread crumbs , grabhróga fpl aráin, bruscar m aráin .
To fry sth. in bread crumbs , rud a fhriochadh i mbruscar aráin .
Bread is down , tá an t-arán tite, saoirsithe .
Bread and dripping , arán agus geir .
Eat up your bread! críochnaigh do chuid aráin ; ith uait an t-arán .
He eats little else than bread , is beag eile a itheann sé ach arán .
The bread was fresh from the oven , bhí an t-arán te as an oigheann .
Bread has gone up (in price) , tá an t-arán ardaithe, daoirsithe .
Home-baked bread , arán m baile .
He lives in idleness, eats the bread of idleness , tá droim díomhaoin aige .
Half a loaf is better than no bread , is fearr leath ná meath ; is fearr líogram lag ná bheith folamh ar fad .
Bread is made of corn , d'arbhar a dhéantar arán .
Some more bread, please , tuilleadh aráin le do thoil .
Not a morsel of bread in the house , gan greim aráin sa teach .
How much bread? cé mhéad aráin?
Old bread , arán m stálaithe .
To ration (out) bread , arán a chur ar ciondáil .
Roll of bread , rollóg f aráin .
Slab of bread , stiall f aráin .
Slice of bread and butter , canda aráin is im air .
To eat some bread , blúire m aráin a ithe .
To spread butter on bread , im a leathadh, a smearadh, ar arán .
F : Bread is the staff of life , is é an t-arán crann seasta na beatha .
To subsist on bread , bheith beo ar arán .
Don't spread the butter too thick on the bread , ná cuir barraíocht ime ar an arán .
To cut the bread thick , an t-arán a ghearradh ina phíosaí ramhra .
To cut the bread thin , an t-arán a ghearradh ina phíosaí tanaí .
Whole-meal bread , caiscín m .