stand1, s.1aSeasamh m. To take a firm stand, seasamh go daingean. bStad m. He was brought to a stand, tugadh air seasamh; baineadh stad as. 2Cur m in aghaidh. To make a stand against s.o., seasamh, cosa a chur i dtaca, in aghaidh duine. 3Ionad m, láthair f -reach. aHe took his stand near the door, bhunaigh sé é féin in aice an dorais, bI take my stand on that, cuirim cos i bhfeac sa mhéid sin, sin an dúshraith atá agam. 4Stad m, sos m -a (traenach). 5Cos f, seastán m (lampa, etc.). 6Stainnín m, both f -a (earraí). 7Sp: Laftán m, ardán m. 8(Of trees, etc.) Clampa m.
stand2,Iv.i.1a(Have upright position) Seasaim, tá mé i mo sheasamh. I could hardly stand, ní raibh ann ach go dtiocfadh liom seasamh. You must stand on your own legs, caithfidh tú treabhadh duit féin. I didn't leave him a leg to stand on, níor fhág mé focal le rá aige. For: To leave a tree standing, crann a fhágáil ina sheasamh. S.a. EASE1 1, HAIR 1, SENTRY 2bHe stands six feet high, tá sé sé troithe ar airde. c(Assume upright position) Éirím (i mo sheasamh). 2a(Be situated; be) The house stands upon a height, tá an teach thuas ar ard. In the corner stands a small table, istigh sa chúinne tá bord beag. The town stands against a hill, tá cúl an bhaile le cnoc. The car is standing at the door, tá an carr taobh amuigh den doras. The tears stood in his eyes, bhí na deora sna súile aige. Let it stand in the sun, fág faoin ngrian é. To buy the house as it stands, an teach a cheannach mar atá sé. Nothing stands between you and the job, níl a dhath le tú a choimeád ón bpost. bA man stood in the doorway, bhí fear (ina sheasamh) sa doras, To stand talking to s.o., seasamh ag caint le duineHe left her standing in the middle of the room, d'fhág sé ansin (ina seasamh) i lár an tseomra í. 3(Assume a stationary position) Stopaim, seasaim. Stand! seas!stad!Stand and deliver!do sparán ar do bheo!4(Maintain position) Seasann, maireann, leanann. To stand fast, seasamh teann. The house will stand another century, mairfidh, seasfaidh, an teach céad eile. I shall stand or fall by it, tá mo chuid den saol i ngeall air. 5(Remain valid) The contract stands, seasann an conradh. The same remark stands good, is fíor an chaint chéanna sin i gcónaí. S.a. REASON1 3. 6a(To be in a certain position) He stands convicted of theft, tá gadaíocht cruthaithe air, ciontaíodh i ngadaíocht é. To stand in need of sth., rud a bheith de dhíth ort, bheith i ngátar ruda. You stand in danger of getting killed, tá tú i gcontúirt do mharaithe. S.a. CORRECT1 3. He stands to lose nothing by it, níl a dhath le cailleadh aige leis. bTo stand security for a debt, dul i mbannaí ar dhuine atá i bhfiacha. To stand as candidate, dul san iomaíocht, rith, mar iarrthóir. cHe stands first in the list, tá sé ag ceann, barr, an liosta. The thermometer stood at 90°, bhí nócha céim teasa ann. dThe house does not stand in his name, níl a ainm thíos leis an teach. eThe amount standing to your credit, an méid atá ag teacht chugat. How do we stand?cad é mar tá an cuntas againn?The matter stands thus, sin mar atá na gnóthaí. As matters stand, as it stands, mar atá an scéal (faoi láthair). I don't know where I stand, níl a fhios agam cá bhfuil mé. How do they stand now?cén bhail atá anois orthu?He stands well with the boss, tá meas ag an máistir air. S.a. CEREMONY. 7(Move to and remain in certain position) I'll stand by the window, rachad go dtí an fhuinneog agus seasfad ann. I'll stand here, fanfaidh mé anseo. To stand to the south, luí ó dheas. S.a. CLEAR1 II. 8(Remain motionless) The water stands here, uisce marbh atá anseo. To allow wine to stand, ligean d'fhíon síothlú. To let the tea stand, an tae a fhágáil ar tarraingt. Cars may stand here, cead ag carranna fanacht anseo. IIv.tr.1(Place upright) Leagaim, cuirim (rud) ina sheasamh. To stand sth. against a wall, rud a chur ina sheasamh le balla. 2To stand one's ground, an fód a sheasamh. 3(Endure) Fulaingím, seasaim. To stand cold, an fuacht a fhulaingt. It will stand rough handling, tá acmhainn ar thiaráil aige. We had to stand the loss, sinne a bhí caillte leis. Utensils that will stand the fire, soithí a bhfuil acmhainn tine acu. I can't stand him, ní féidir liom cur suas leis, broic leis. I can't stand it any longer, ní thig liom a fhulaingt níos faide. 4Ceannaím, íocaim. To stand s.o. a drink, deoch a cheannach do dhuine. I am standing this one, ormsa an deoch seo.