apart, adv.1(Aside) To take s.o. apart, duine a thabhairt i leataobh. To hold oneself apart from . . ., fanacht amach ó ... A class apart, aicme, cineál, ar leith. 2(Asunder, separate). To get two things apart, dhá rud a scaradh ó chéile. The boys and girls are kept apart, coinnítear na buachaillí agus na cailíní ó chéile. They moved apart, sheas siad amach ó chéile. It came apart, d'imigh sé as a chéile, scoith sé as a chéile. To take a machine apart, meaisín a bhaint as a chéile. It is difficult to tell them apart, is deacair aithint eatarthu, iad a aithint ó chéile. With one's feet wide apart, agus na cosa scartha. 3(Distant) They are a mile apart, tá siad míle ó chéile. Towns a hundred miles apart, bailte a bhfuil céad míle eatarthu. 4Apart from the fact that. . ., gan trácht ar . . . Jesting, joking, apart, leis an ngreann a fhágáil inár ndiaidh.