PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
With arms folded across his breast, na lámha crosach ar a bhrollach.
With his arms a-kimbo, agus a lámha ar a chorróga aige; agus péire uillinneacha air.
Yard-arms apeak! in airde leis na slata!
Appeal to arms, dul i muinín airm.
She had the child in her arms, bhí an leanbh ina bachlainn aici.
Small-arms, airm éadroma, mionairm.
To take up arms, dul chun comhraic.
They took up arms against the government, chuaigh siad i ndeabhaidh lainne leis an rialtas.
To bear, carry, arms, bheith faoi arm (agus éide); bheith ag saighdiúireacht.
They laid down their arms, ghéill siad.
A country in arms, tír atá faoina cuid airm; tír atá i gcogadh.
Arms factory, monarcha f airm.
Fenc: Assault of, at, arms, ionsaí d'arm.
To beat to arms, an ghairm a bhualadh.
To call to arms, gairm chun slógaidh, gairm slua, a chur amach.
Carrying of arms, iompar m arm.
Coat of arms, (i) armas m; (ii) éide f armais.
Comrades in arms, compánaigh airm.
He laid down his arms, lig sé a airm ar lár.
To enfold s.o. in one's arms, barróg a bhreith ar dhuine.
Feat of arms, gníomh gaile agus gaisce.
He is flapping his arms about, tá a lámha á gcroitheadh san aer aige.
To fling one's arms round s.o.'s neck, barróg a bhreith ar mhuineál ar dhuine.
He was flinging his arms about, bhí a lámha á gcroitheadh san aer aige.
He flung out his arms, leath sé a ghéaga.
She folded him in her arms, rug sí barróg air.
To fold one's arms, na géaga a fhilleadh ar a chéile.
Gentleman-at-arms, ball de gharda an rí.
Mil: Ground arms! leagaigí airm!
He laid down his arms, lig sé a airm uaidh, ar lár.
They linked arms, chuireadar lámha faoi ascaillí a chéile.
They were locked in each other's arms, bhíodar snaidhmthe ina chéile.
To marshal two coats of arms in one shield, dhá armas a chur le chéile ar aon sciath.
The whole nation rose in arms, chuaigh an tír go huile, an pobal iomlán, chun ceannairce.
She flung her arms round his neck, rug sí barróg ar mhuineál air.
Mil: Arms at the order, airm ar suí.
Mil: Order arms! suígí airm!
With arms outstretched, agus an dá láimh sínte amach (aige, etc.
F: Passage of arms, comhrac m; siúite m.
Mil: To pile arms, airm a chruachadh.
To pillow one's head on one's arms, do chloigeann a ligean anuas ar do sciatháin.
To pinion s.o.'s arms to his sides, lámha duine a cheangal dá thaobhanna.
To port arms, airm a thaispeáint.
Mil: To present arms, airm a thairiscint.
To receive s.o. with open arms, fáilte agus fiche a chur roimh dhuine.
To reverse arms, airm a aisiompú.
Mil: With reversed arms, agus na hairm aisiompaithe.
To rise (up) in arms, éirí i gceannairc.
To be short in the arms, bheith gairid sna sciatháin.