EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
become . 1 v .i . Tagaim chun bheith . a He became a king, a priest , rinneadh rí, sagart, de . It became an eel , rinneadh, rinne eascann de , rinne sé eascann . He became ill, afraid , d'éirigh sé tinn, faiteach ; bhuail tinneas, faitíos, é ; tháinig tinneas, faitíos, air . He became worse, better , chuaigh sé chun donachta , chun feabhais . It is becoming colder, better , tá sé ag dul i bhfuaire , i bhfeabhas . She has become a big girl , cailín mór atá anois inti . He became a Catholic , d'iompaigh sé ina Chaitliceach . It is becoming cold , tá sé ag iompú fuar . He became a soldier , chuaigh sé sna saighdiúirí . He became known , fuarthas aithne air . b What has become of John ? cad is cor do Sheán? 2 v .tr .That hat does not become you , ní thig, ní oireann, an hata sin duit . S.a. ILL III. 2.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To become absorbed in sth ., éirí gafach le rud .
To become acquainted with a person , aithne a chur ar dhuine .
He was aiming at becoming a doctor , bhí sé ag aimsiú ar bheith ina dhochtúir .
He became alarmed , tháinig scaoll air ; scanraigh sé .
They became alienated , thug siad cúl dá chéile .
They became allies , chuaigh siad d'aontaobh .
He became anaemic , d'imigh an fhuil as .
The bone became anchylosed , tháthaigh an chnámh .
It soon became apparent that . . ., ba ghearr gurbh fhollasach go . . . ; ba ghearr gur léir go ...
To become aware of sth ., fios ruda a fháil .
I became aware of a smell of burning , mhothaigh mé boladh dóite .
Becoming to the occasion , mar is cuí don ócáid .
Becoming dress , éide a thig (go maith) do dhuine .
He became bent (with age) , chrom sé (leis an aois) .
To become bowed , cromadh .
The day is becoming brighter , tá an spéir ag gealadh .
His illness became chronic , chuaigh an tinneas in ainseal air .
To become conscious of sth ., rud a thabhairt faoi deara .
He became conscious , tháinig mothú, meabhair, aithne, ann .
To become a convert to sth ., iompú le rud .
(Of regulation) It has become a dead letter , tá sé ar ceal, caite i gcártaí .
This street became deserted , bhánaigh an tsráid .
He became discouraged , tháinig domheanma air .
Several bricks had become dislodged from the wall , bhí a lán brící tite den bhalla .
To become effective , teacht i bhfeidhm .
They became engaged , thug siad lámh is focal dá chéile .
He became entangled in the smuggling business , tarraingíodh isteach sa smuigléireacht é .
To become, wax, enthusiastic over sth ., dul le loinne dhíograise i dtaobh ruda .
They have become estranged , tá an brochán doirte eatarthu, táid tite amach le chéile .
To become fewer , dul i laghad, i dteirce .
It became fixed in my memory , chuaigh sé i bhfostú i mo chuimhne .
Nau : (Of anchor) To foul, to become fouled , dul i bhfostú, in achrann (i rud) .
She became hysterical , tháinig líonrith uirthi .
He identified himself, became identified, with the party , thug sé le taispeáint go raibh dlúthbhaint aige leis an bpáirtí .
It ill becomes you to . . ., is olc an mhaise dhuitse ...
(Of Christ) To become incarnate , colainn dhaonna a ghlacadh .
To become infected with the plague , an phlá a thógáil .
He became insane , chuaigh sé as a chiall, as a mheabhair .
He became insolvent , chuaigh sé thar a acmhainn, i bhfiacha .
Afternoon tea has become an institution , tá an tae beag ina bhun-nós anois .
He became intoxicated with the praise which he received , chuaigh an moladh a fuair sé ina cheann dó .
(Of news) When it became known to me , nuair a fuair mé eolas air .
(Of author) When he became known , nuair a tháinig clú air .
To become light-headed , mearbhall a theacht ort .
His face has become lined , tá roic tagtha ina aghaidh .
He became livid with anger , dhubhaigh agus ghormaigh air le teann feirge .
To become lukewarm , éirí patuar .
He became mad with me , tháinig racht feirge air liom .
The change is becoming more marked , tá an t-athrú ag éirí níos follasaí .