EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
known , a . (Atá) ar eolas . A known thief , gadaí cruthaithe . (Of news) When it became known to me , nuair a fuair mé eolas air . To make sth. known to s.o ., rud a chur in iúl do dhuine . My presence was made known to them , hinsíodh dóibh go raibh mé sa láthair . I made known my wishes , d'inis mé cad é ba mhian liom . It is known to all that . . ., tá a fhios ag an saol go . . . He is known to everyone , tá aithne ag an saol air . Known as . . ., dá ngairtear . . . This is what is known as . . ., seo an rud a dtugtar . . . air . (Of author) When he became known , nuair a tháinig clú air .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I have known him from a baby , tá aithne agam air ó bhí sé sa chliabhán .
He became known , fuarthas aithne air .
The best known book , an leabhar is mó , is fearr , a bhfuil eolas air .
Better known as Seáinín Beag , nó Seáinín Beag mar a thugtar go coitianta air .
I have known him from a boy , tá aithne agam air , (i) ó bhí sé óg ; (ii) ó bhí mé óg .
Had I but known , dá mba go mbeadh a fhios agam .
Known by the name of X , dá ngairtear X .
A man is known by his company , inis dom do chomhluadar agus inseoidh mé duit cé thú féin .
It is known under several designations , is iomaí ainm atá air .
To dish up well-known facts in a new form , fíorais a bhfuil seaneolas orthu a chur i riocht nua .
I had known him for years , bhí aithne agam air leis na blianta roimhe sin ,
Everything gets known , faightear amach gach aon ní .
If I had only known! faraoir gan a fhios sin agam!
To make known one's intentions to a woman , ceileabhar pósta a chur ar bhean .
I have known it (to) happen , chonaiceamar a mhacasamhail roimhe .
Have you ever known me to tell a lie? an bhfuair tú riamh bréagach mé? He had never been known to laugh, ní fhacthas riamh ag gáire é .
Everything gets known , ní féidir rud ar bith a choinneáil ceilte .
A less known man would be better , b'fhearr fear nach mbeadh oiread aithne air .
He is well known locally , tá aithne mhaith air sa chomharsanacht .
Ta make sth. known, understood , rud a chur in iúl, i dtuiscint .
(With negative expressed or implied) None of them is, are, known to us , níl aithne againn ar aon duine acu .
He did it for reasons best known to himself , aige féin is fearr a fhios cén fáth a ndearna sé é .
To make one's requirements known , a chur in iúl céard atá uait .
Known to them, to me , ar eolas acu, ar m'eolas .
I don't want that known , níor mhaith liom go mbeadh a fhios sin ag aon duine ; b'fhearr liom nach mbeadh a fhios sin .
As is well-known , mar is eol do chách, don saol .
I spoke to the secretary, which person I had known for many years , labhair mé leis an rúnaí, duine a raibh aithne agam air le blianta fada .
He is widely known , tá aithne go fada leitheadach air .