Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: circumstanced · circumspect
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for circumstance »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
circumstance, s. 1 pl. a Cúrsaí mpl, tosca fpl, imthosca fpl; cúinsí mpl. In, under, the circumstances, agus na cúrsaí, an scéal, amhlaidh. In no circumstances, ar chúinse, chuntar, ar bith. Under similar circumstances, i gcás den sórt céanna; ar ócáid den sórt. That depends on circumstances, tá sé sin i gclé na haimsire, de réir mar thitfidh. We must take all the circumstances into account, caithfidh muid gach taobh den scéal a chur san áireamh. b If his circumstances allow, má bhíonn sé d'acmhainn, de ghustal, aige. In easy circumstances, deisiúil; go maith as; teann i gcuid agus i maoin. My worldly circumstances, mo mhaoin shaolta; an bhail atá orm sa saol. 2 sg. Cor m, mionshonradh m; Phil: tosc m. Without omitting a single circumstance, gan pointe ar bith a fhágáil gan lua. Were it not for the circumstance that..., murach amháin go . . . 3 sg. Deasghnáth m -a.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He accommodated himself to the circumstances, rinne sé a mhór dá dhóigh.
He is in affluent circumstances, tá sé ina shá den saol.
Aggravating circumstance, méadú m ar olc.
Circumstances will not allow it, mar atá na gnóthaí níl sé indéanta.
Allowing for the circumstances, le gach rud a chur san áireamh.
An unforeseen concourse of circumstances, cúrsaí gan choinne a theacht i dteannta a chéile.
Considering the circumstances, agus an scéal mar atá (bhí, etc.).
Circumstances beyond our control, cúrsaí nach bhfuil aon neart againn orthu.
Man is the creature of circumstances, níl dul ag an duine ó chora an tsaoil.
In existing circumstances, agus cúrsaí mar atáid.
Extenuating circumstances, toscaí maolaitheacha.
The force of circumstances, an éigeandáil.
In happier circumstances, nuair a bhí (bheas, etc.) an scéal níos fearr.
To be in involved circumstances, a bheith i gcruachás.
To be in necessitous circumstances, bheith ar an ngannchuid.
To be in needy circumstances, bheith ar an gcaolchuid, i ngátar.
Palliating circumstances, cúrsaí a bhainfeadh an ghoimh as na gnóthaí.
In reduced circumstances, anuas i ndeis, bochtaithe anuas.
To be in straitened circumstances, bheith ar an anás, ar an ngannchuid.
Under the present circumstances, mar atá an scéal.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News