happy, a.1Sona, séanmhar, gliondrach. He is as happy as the day is long, tá sé ar a sháimhín suilt. Happy band of children, slua de pháistí lúcháireacha. I was happy in a son, bhí mac agam a bhí ina ábhar aoibhnis agam. To make s.o. happy, sonas a chur ar dhuine. Happy is he who . . ., is méanar don té ... I shall be happy to assist him, beidh áthas orm cuidiú leis. In happier circumstances, nuair a bhí (bheas, etc.) an scéal níos fearr. In a happy hour, ar uair an áidh. A happy death, dea-bhás m. 2Happy phrase, rá tráthúil, oiriúnach. ►happily, adv.Go sona, etc. He lived happily, bhí saol sona, sásta, aige. Happily, he did not die, go hádhúil le Dia ní bhfuair sé bás. She smiled happily, rinne sí gáire lúcháireach.