EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
conscience , s . Coinsias m -a , cogús m . He did it with a clear conscience , rinne sé é agus coinsias glan aige, gan scrupal coinsiasa . To have no conscience , a bheith gan aon choinsias . I did it for conscience sake , rinne mé ar mhaithe le mo choinsias é . In all conscience , an fhírinne choíche . I would not have the conscience to do it , ní bhfaighinn ó mo choinsias é a dhéanamh ; bheadh scrupall orm é a dhéanamh .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Clear conscience , coinsias glan, saor .
He compounded with his conscience . rinne sé margántaíocht lena choinsias .
To be conscience-stricken , buaireamh coinsiasa a bheith ort .
Denotations of an uneasy conscience , comharthaí coinsiasa chorraigh .
The dictates of conscience , aitheanta an choinsiasa .
It goes against my conscience , tá sé in aghaidh mo choinsiasa ; ní ligfeadh mo choinsias dom é .
Guilty conscience , coinsias ciontach .
Liberty of conscience , saoirse f coinsiasa .
A point of conscience , cúrsa m coinsiasa .
F : Pricks of conscience , scrupaill choinsiasa .
F : His conscience pricks him , tá a choinsias ag cur air .
Prickings of conscience , scrupaill choinsiasa .
F : Queasy conscience , coinsias m róscrupallach .
With a safe conscience , saor ó scrupall coinsiasa .
For conscience sake , mar shásamh coinsiasa .
To salve one's conscience , ceirín a chur le do choinsias .
To satisfy my conscience , le mo choinsias a shásamh .
My conscience smote me , ghoin mo choinsias mé .
To sound one's conscience , do choinsias a cheistiú .
How do you square it with your conscience? cá bhfuil mar a réitíonn sé le do choinsias?
His conscience stings him , tá a choinsias á phriocadh .
Twinge of conscience , priocadh m , broideadh m (coinsiasa) .
His conscience twinges , tá a choinsias ag gabháil dó .
Twitch of conscience , goin f choinsiasa .
Uneasy conscience , gearradh m coinsiasa .
To do violence to one's conscience , foréigean a imirt ar do choinsias .
F : The worm of conscience , gearradh m coinsiasa .