Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: coincidence · confidence · consignee · consistence · continence
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh conscience »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
conscience, s. Coinsias m -a, cogús m. He did it with a clear conscience, rinne sé é agus coinsias glan aige, gan scrupal coinsiasa. To have no conscience, a bheith gan aon choinsias. I did it for conscience sake, rinne mé ar mhaithe le mo choinsias é. In all conscience, an fhírinne choíche. I would not have the conscience to do it, ní bhfaighinn ó mo choinsias é a dhéanamh; bheadh scrupall orm é a dhéanamh.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Clear conscience, coinsias glan, saor.
He compounded with his conscience. rinne sé margántaíocht lena choinsias.
To be conscience-stricken, buaireamh coinsiasa a bheith ort.
Denotations of an uneasy conscience, comharthaí coinsiasa chorraigh.
The dictates of conscience, aitheanta an choinsiasa.
It goes against my conscience, tá sé in aghaidh mo choinsiasa; ní ligfeadh mo choinsias dom é.
Guilty conscience, coinsias ciontach.
Liberty of conscience, saoirse f coinsiasa.
A point of conscience, cúrsa m coinsiasa.
F: Pricks of conscience, scrupaill choinsiasa.
F: His conscience pricks him, tá a choinsias ag cur air.
Prickings of conscience, scrupaill choinsiasa.
F: Queasy conscience, coinsias m róscrupallach.
With a safe conscience, saor ó scrupall coinsiasa.
For conscience sake, mar shásamh coinsiasa.
To salve one's conscience, ceirín a chur le do choinsias.
To satisfy my conscience, le mo choinsias a shásamh.
My conscience smote me, ghoin mo choinsias mé.
To sound one's conscience, do choinsias a cheistiú.
How do you square it with your conscience? cá bhfuil mar a réitíonn sé le do choinsias?
His conscience stings him, tá a choinsias á phriocadh.
Twinge of conscience, priocadh m, broideadh m (coinsiasa).
His conscience twinges, tá a choinsias ag gabháil dó.
Twitch of conscience, goin f choinsiasa.
Uneasy conscience, gearradh m coinsiasa.
To do violence to one's conscience, foréigean a imirt ar do choinsias.
F: The worm of conscience, gearradh m coinsiasa.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht