differ, v.i.1Difrím(from, le); tá difríocht idir mise agus, ní hionann mise agus. They differ greatly, is mór eatarthu. 2They differ in opinion, táid ar mhalairt tuairime. They differ about it, tá easaontas eatarthu ina thaobh. I beg to differ, i gcead duit, ní thagaim leat ansin; gabh agam, ach ní aontaím leat. We agreed to differ, d'fhágamar eadrainn é.