EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fail1, s. Without fail, gan teip, go cinnte.
fail2 . 1 v.i. a Déanaim faillí, loicim. He failed in his duty, rinne sé faillí ina dhualgas. To fail to do sth., faillí a thabhairt i ndéanamh ruda; gan rud a dhéanamh. He failed to come, níor tháinig sé. I failed to hear that remark, d'imigh sin uaim. Things that cannot fail to be seen, rudaí nach féidir gan a dtabhairt faoi deara. To fail s.o., loiceadh ar dhuine. My strength is failing me, tá mé ag cailleadh mo bhrí. His heart failed him, chlis an croí air. His memory often fails him, is minic a chliseann an chuimhne air. b Meathann, cliseann. Daylight is failing, tá sé ag dul ó sholas. His sight is failing, tá an radharc ag teip air. His memory is failing, tá meath ag teacht ar a chuimhne. He is failing, tá sé ag tabhairt uaidh. c (Of car, etc.) Cliseann. d Cliseann orm, teipeann orm, cinneann orm, téann díom. I fail to understand why . . ., ní féidir liom a thuiscint cén fáth . . . Sch: I failed in the examination, chlis an scrúdú orm. Com: Bristear mé. 2 v.tr.Sch: Brisim (iarrthóir).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Even if, even though, he fails, má theipeann féin air, fiú (amháin) má theipeann air.
My eyesight is failing, tá an radharc ag dul i laige orm.
Failing this, mura dtarlaíonn sin.
The revolver failed to fire, chas an gunnán; níor scaoil an gunnán.
Furious at having failed, le geiltíocht gur theip ort.
I gather from the papers that he has failed, tá mé ag déanamh amach de réir na bpáipéar gur theip air.
The play failed to get across (the footlights), níor chuaigh an dráma i bhfeidhm beag ná mór ar an slua.
The play failed to get over, ní dheachaigh an dráma i bhfeidhm ar an slua.
If her courage fails, má theipeann an misneach aici.
If his courage fails, má theipeann an misneach aige.
I fail to see how that affects you, ní thuigim conas a bhaineann sin leat.
The scheme however failed, theip ar an scéim áfach.
He is failing, I must say, tá sé ag meath, ó chaithfeas mé a rá.
Had he attempted it he must have failed, dá dtugadh sé iarraidh air, scéal cinnte go bhfeallfadh air.
If my courage fails, má theipeann an misneach agam.
Never-failing remedy, leigheas nach gcliseann.
Never-failing source, foinse gan trá, nach dtéann i ndísc.
Work, otherwise you shall fail, oibrigh, nó (mura n-oibreoidh) teipfidh ort.
If our courage fails, má theipeann an misneach againn.
His powers are failing, tá an mheabhair ag meath aige.
When it comes to the push, he fails, nuair a theanntar leis, nuair thagann air, loiceann sé.
He failed and small blame to him, theip air agus cé thógfadh air é.
No wonder, little wonder, that the scheme failed, ní hionadh, ba suarach an t-ionadh, gur theip ar an scéim.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I have the hiccups, tá snag, fail, orm.
F: I spiked his guns for him, chuir mise fail ina shrón.