fire1, s.1Tine f. aHe has gone through the fire(s) of adversity, chuaigh sé faoi bhráca na hainnise. bTo light, make, a fire, tine a adhaint. To lay a fire, ábhar tine a chur síos. To make up a fire, tine a fhadú, a chur síos. To cook sth. on a slow fire, rud a chur ar fiuchadh go righin, ar mheath-thine. F: I am not going to pull the chestnuts out of the fire for him, ní chuirfeadsa mé féin i gcontúirt chun breith ar a aithreachas a thabhairt dósan. F: He keeps the fire warm, is é leadaí na luaithe dáiríre é. Before a rousing, a roaring, fire, os coinne bladhmsach thine amach. Electric fire, tine leictreach. A smith's fire, teallach m ceárta. cDóiteán m. An outbreak of fire took place, bhris tine amach. Fire! Fire!dó is loscadh!Her dress caught fire, chuaigh a gúna trí thine. To set fire to sth., to set sth. on fire, tine a thabhairt do rud, rud a chur trí thine. On fire, faoi, faoi bharr, lasrach, trí thine. We got on like a house on fire, d'éirigh thar cionn linn, réitíomar go hiontach le chéile. Like wild fire, mar a bheadh falscaoth ann. To add fuel to the fire, an iaróg a chothú. To put the town to fire and sword, faobhar agus tine a thabhairt don bhaile. dGreek fire, tine Ghréagach. eLasair f -srach. The fire of many torches, lasair iomad tóirse. The horses' hooves struck fire from the stones, bhain cruite na gcapall tine chreasa as na clocha. Nau: St. Elmo's fire, tine ghealáin. 2Aut: Adhaint f. 3F: Teasaíocht f; lasair f (díograis, mire, dóchais, etc.). The fire of youth, loinne f, fuinneamh m, na hóige. With fire in his eye, agus faghairt ina shúile. 4Mil: Lámhach m, caitheamh m, scaoileadh m, tine f, airtléire. Individual fire, lámhach aonair. Cannon fire, lámhach canóin. F: He subjected me to a rapid fire of questions, bhí gach dara ceist aige orm de dhroim a chéile. To be under fire, bheith faoi lámhach na ngunnaí. To be steady under fire, an fód a sheasamh ar aghaidh na bpiléar. Save your fire, ná loisc do phúdar. To be between two fires, bheith idir dhá thine lae Bealtaine.
fire2 .Iv.tr.1aTugaim tine do (rud), cuirim lasóg le (rud). bCuirim (teach) trí thine. cAdhnaim, gríosaím, corraím (duine, na paisin), séidim faoi (dhuine). 2Bácálaim, tugaim tine do (bhríce, etc.); faghraím (miotal). 3Mch: Coinním ábhar tine le (foirnéis, etc.). 4aTo fire a mine, tine a thabhairt do mhianach. I.C.E: To fire the mixture, an meascán a adhaint. bTo fire a torpedo, toirpéad a scaoileadh. cAbs.To fire at, on, s.o., caitheamh, scaoileadh le duine. To fire a gun at s.o., gunna, piléar, a scaoileadh le duine. To fire a stone at s.o., cloch a chaitheamh, a radadh, le duine. To fire a question at s.o., ceist a chur de phreab ar dhuine. To fire (off) a gun, gunna a scaoileadh. (With passive force) Guns were firing, bhí piléir á scaoileadh, bhí púdar á dhó. Without firing a shot, gan urchar a scaoileadh. 5Brisim (duine as a fheidhmeannas), tugaim bata agus bóthar do (sheirbhíseach). II►fire, v.i.aThe revolver failed to fire, chas an gunnán; níor scaoil an gunnán. bI.C.E: (Of mixture) Adhnann. The engine fires evenly, tá an t-inneall ag adhaint go cothrom.