head1, s.1Ceann m, cloigeann m. aFrom head to foot, ó mhullach go sáil; ó bhonn go baithis. He walks with his head (high) in the air, bíonn a cheann sa spéir aige. He sold the house over my head, dhíol sé an teach ar mo bhéala. He gives orders over my head, tugann sé orduithe uaidh gan a gcur i mo chead. He had his head down, bhí a cheann crom aige. Head downwards, ceann faoi. He fell head first, head foremost, thit sé ar mhullach a chinn, i ndiaidh a chinn. He stood on his head, sheas sé ar bhior a chinn. Head over heels, tóin thar ceann. He is head over heels in love with her, tá sé splanctha ina diaidh. He is taller than I by a head, tá an cloigeann aige orm. Turf: (Of horse) He won by a head, bhain sé an rás de cheann. To give a horse his head, ceann scaoilte a thabhairt do chapall. F: Give him his head, tabhair cead a chinn dó. His guilt be on his own head, ar mhullach a chinn féin go dtite sé. To strike off s.o.'s head, duine a dhícheannadh; an ceann a bhaint de dhuine. F: To talk s.o.'s head off, cluasa duine a bhodhrú (le caint). A fine head of hair, cúl m breá gruaige. b(Pers.) Crowned head, ceann corónaithe. cCu: Sheep's, boar's, head, cloigeann caorach, cloigeann collaigh. dVen: (Antlers) Beanna fpl (cairria). 2a(Intellect, mind) He has a good head on his shoulders, his head is screwed on the right way, tá cloigeann maith air, tá intinn mhaith chúil aige. He has a good head for business, tá ciall mhaith do ghnóthaí aige. I have an idea running through my head, tá smaoineamh ag rith trí m'intinn. He reckoned it in his head, chuntais sé ina chloigeann é. I got it into my head, chuir mé i mo cheann é. I can't get that into his head, ní thig liom sin a chur ina luí air. He took it into his head to do it, chuir sé faoina choinne féin go ndéanfadh sé é. It never entered my head that . . ., níor smaoinigh mé lá bán ná oíche go . . . What put that into your head?cad a chuir sin i do cheann?To put ideas into s.o.'s head, rud a chur i gceann duine. His name has gone out of my head, tá dearmad déanta dá ainm agam. We laid, put, our heads together, chuireamar ár gcomhairlí i gceann a chéile. Two heads are better than one, is fearr dhá chloigeann ná ceann. He gave an answer out of his own head, d'fhreagair sé as a stuaim féin é. He was talking over their heads, ní raibh ciall acu dá chaint. Keep your head, beir ar do chiall. He lost his head, tháinig cearthaigh air. He is off his head, tá sé as a chiall, as a mheabhair. He went off his head, chaill sé a chiall. Weak in the head, lag san intinn. bF: I have a bad head, a head on me, tá tinneas cinn orm. 3aBarr m (crainn); crann m, dos m (cabáiste); dias f (seagail); craobh f (coirce). bCloigeann m, ceann m (tairne); cloigeann m (bata), c(Top section) Barr m (leathanaigh, seoil); mullach m (colúin). dÉadan m (sorcóra). Car with a folding head, carr faoi cheann infhillte. eCeann (leapa); ceann (uachtarach) (boird); foinse f (abhann). At the head of the lake, ag ceann an locha. f(Of abscess) To come to a head, to gather to a head, teacht chun cinn. To bring a matter to a head, scéal a thabhairt chun tosaigh. 4(Category) He gave me his word on that head, thug sé a fhocal dom sa phointe sin. I would not condemn him on that head, ní dhaorfainn air sin é. Under this head, sa, faoin, roinn seo. Jur: Heads of a charge, cinn cúise. 5aTosach m, soc m (loinge, etc.). Head of pier, ceann cé. To collide with a ship head on, bualadh díreach in éadan loinge. Head to sea, head on to sea, tosach le farraige. Head on to the wind, díreach in éadan, i súil, na gaoithe. Ship (down) by the head, soitheach agus a tosach fúithi. How is her head?cá bhfuil a haghaidh?b=HEADLAND 2 Loop Head, Ceann Léime. 6a(Front or chief place) At the head of a column, ar thosach colúin. At the head of the list, ar bharr an liosta. b(Pers.) Ceann urra, ceann. Head of a department, ceann roinne. cHead clerk, ardchléireach m. Head Office, ardoifig f. 7a(Unit) Six head of cattle, sé cinn eallaigh, sé cinn de bheithígh. bThey paid so much a head, per head, d'íoc siad an oiread seo an duine. 8Head of a coin, aghaidh f boinn. To toss heads or tails, pingin a chaitheamh in airde. I can't make head or tail of it, níl bun ná barr le fáil agam air. 9Hyd.E: (i) Arduisce m; (ii) airde f uisce; (iii) fórsa m titime. To gather head, (i) (of flood) bheith ag éirí; (ii) (of discontentment) teacht chun cinn, borradh.
head2, v.tr. & i.1To head (down) a tree, barr crainn a sciotadh. 2(Put a head on) aCuirim ceann ar (bhiorán, ar thairne, etc.). bTo head a chapter with certain words, focail áirithe a chur os cionn caibidle. 3aTreoraím (páirtí, slua); siúlaim ar thosach (sochraide). He headed the poll, is é is mó a fuair vótaí. He headed the list, (i) chuir sé tús ar an liosta; (ii) bhí sé ar bharr an liosta. b(Of thg.) Tá, tagann, ar barr. 4Fb: To head the ball, an cloigeann a thabhairt don liathróid. 5v.i.To head for a place, déanamh, díriú, ar áit. The state is heading for ruin, tá an stát ar bhealach a aimhleasa. 6v.i. (Of cabbage) Cruinníonn; (of grain) líonann, téann i gcraobh.