EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
he , pers . pron. 1 Sé . Nom. to v . other than the copula in Irish He spoke , labhair sé . What did he say? céard dúirt sé? 2 É . a With the copula in Irish He is an honest man , is fear cneasta é . b Nom. to passive in English He was beaten , buaileadh é . c Absolutely Here he comes , seo chugainn é . As he was coming , agus é ag teacht . 3 Prep. pron. in Irish I am as tall as he is , tá mé chomh hard leis . He knows that , is eol dó é sin . He is hungry , tá ocras air . 4 Emphatic forms in Irish Seisean corresponding in use to sé ; eisean corresponding in use to é ; -sean , -san with prep . prons . a It is he , (is) eisean atá ann . He will go there and you will stay here , rachaidh seisean ann agus fanfaidh tusa anseo . You and he are hungry , tá ocras ortsa agus airsean . You and he both know it , is eol duitse agus dósan é . Anyone but he! duine ar bith ach eisean! It is he who says it , eisean a deir é . b Stressed in English He would not go , ní rachadh seisean . He said it , eisean a dúirt é . He is hungry , tá ocras airsean . He knows nothing , ní heol dósan faic . 5 Omitted in Irish a Did he come? -- He did , ar tháinig sé? -- Tháinig . b Is he a young man? -- He is , an fear óg é? -- Sea . 6 He who , an té + rel He who is not fortunate , an té nach bhfuil an t-ádh air . 7 (As s .) Fireannach m , ceann fireann . Attrib . He-lion , leon fireann . He-goat , pocaide m .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He doesn't know A from B , níl spréach aige .
He is a doctor , dochtúir é .
F : He was taken aback , baineadh stad as .
He abased himself , d'ísligh sé é féin .
He is only in the ABC , níl sé ach sa mhiontosach .
He did it to the best of his ability , rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas .
He went a long way about , chuir sé timpeall mór air féin .
He is about again , tá sé ar a bhoinn arís .
He came about three o'clock , tháinig sé i dtrátha a trí a chlog .
He is about his task , tá sé i gcionn a chuid oibre .
He knows what he is about , tá fios a ghnó aige .
He is above me in rank , is airde é i gcéimíocht ná mé .
He lives above his means , is mó a mhála ná a sholáthar .
He is above telling a lie , ní chromfadh sé ar bhréag .
He can trace his descent above four hundred years , tá ginealach a chine aige siar tuilleadh is, breis is, ceithre chéad bliain .
He is just back from abroad , níl sé ach tar éis teacht ar ais ón gcoigrích .
He is all abroad , tá dul amú mór air ; tá seachrán trom air .
F : He absconded , thug sé na boinn as ; thug sé an sliabh air féin .
He was conspicuous by his absence , thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann .
Jur : He was sentenced in his absence , teilgeadh é agus é as láthair .
He is a total abstainer (from alcohol) , ní bhaineann sé don ól ; ní ólann sé aon deoir .
He knows it in the abstract , tá sé aige ó thaobh na teoirice .
He lived in abundance , bhí flúirse agus fairsingeacht aige ; bhí saol na bhfuíoll aige .
He has a German accent , tá blas m , snas m , Gearmánach ar a chuid cainte .
He has a strange accent , tá canúint f , tuin f , aisteach air .
He said in broken accents... , dúirt sé agus tocht ina ghlór ...
He secured their acceptance of the proposal , thug sé orthu glacadh leis an moladh .
He is difficult of access , is deacair a ghabháil chun cainte leis .
He is very accessible , tá sé an-fhurasta dul chun cainte leis .
He had, met with, an accident , bhain míthapa, timpiste, de .
He accommodated himself to the circumstances , rinne sé a mhór dá dhóigh .
He accommodated himself to their habits , thit sé isteach lena nósanna-san .
He was accompanied by his wife , bhí a bhean in éineacht leis .
He accompanied his words with a cuff , bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige .
He did it of his own accord , rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin .
He was accorded a welcome , fearadh fáilte roimhe .
He found his own account in it , chuaigh sé ar sochar dó .
He can turn everything to account , is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud ; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos .
He has gone to his account , tá sé ar shlua na marbh, in áit na fírinne .
F : He gave quite a good account of himself , rinne sé gnóthaí maithe ; chruthaigh sé go maith .
He is of little account , is beag le rá é .
He is of no account , is cuma ann nó as é .
He is held in account , tá meas mór air ; tá urraim mhór dó .
He did it on his own account , rinne sé é as a stuaim féin, ar a chonlán féin .
He gave an account of himself , (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre ; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht .
He accounts himself lucky , tá an t-ádh air, dar leis .
He must account for his conduct , caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha .
He was not accountable for his action , ní as ciall a rinne sé é .
He accumulated a fortune , rinne sé a shaibhreas .
He is accustomed to it , tá sé cleachta leis, clóite leis, ina thaithí .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To care for s.o ., cion a bheith agat ar dhuine. He cares very much for her, tá a chroí istigh inti .
Clear the way! fág an bealach! He cleared a way for himself ghearr sé bealach dó féin .
On my bended knees , ar mo dhá ghlúin. He went down on his knees, chaith sé é féin ar a dhá ghlúin .
Have you ever known me to tell a lie? an bhfuair tú riamh bréagach mé? He had never been known to laugh, ní fhacthas riamh ag gáire é .
Your money or your life! do bheo nó do sparán! He has a money interest in it, tá airgead aige ann .
I have a pain in my side , tá pian i mo thaobh. He has a pain in his head, tá tinneas cinn air .