manner, s.1Modh m -a, dóigh f, caoi f. In, after, this manner, mar seo, ar an gcaoi seo. The manner in which he spoke, an dóigh ar labhair sé. After his own manner, ar a dhóigh féin. In like manner, mar an gcéanna. In such a manner that . . ., sa chaoi go . . . In the same manner as he did the first time, ar an gcaoi chéanna a ndearna sé an chéad uair. In a manner (of speaking), mar a déarfá. After the manner of Dickens, de réir nóis Dickens; mar a scríobhfadh Dickens. 2Gnás m, nós m. After the manner of the kings, de réir ghnás na ríthe. As (if) to the manner born, mar a bheadh sin as broinn leis. Manners change with the times, ní lia aois ná gnás. 3I don't like his manner to them, ní maith liom an dóigh atá leis ina ndáil. 4pl.aBéasa mpl. He has a good manner, tá teacht-i-láthair maith leis. Bad manners, míbhéasa. It is bad manners to stare at a person, ní den mhúineadh stánadh ar dhuine. b(Good) manners, múineadh m, dea-bhéasa, mpl. That will teach him manners, múinfidh sin fios a bhéasa dó. Have you forgotten your manners?nach sílfeá go mbeadh múineadh ort?Aut: Road manners, béasa bóthair. 5Cineál m, sórt m, saghas m. What manner of man is he?cén cineál duine é?All manner of men, an uile chineál daoine. No manner of doubt, amhras dá laghad.