Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: manger · tanner · Anne · mainnear · mane
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh manner »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
manner, s. 1 Modh m -a, dóigh f, caoi f. In, after, this manner, mar seo, ar an gcaoi seo. The manner in which he spoke, an dóigh ar labhair sé. After his own manner, ar a dhóigh féin. In like manner, mar an gcéanna. In such a manner that . . ., sa chaoi go . . . In the same manner as he did the first time, ar an gcaoi chéanna a ndearna sé an chéad uair. In a manner (of speaking), mar a déarfá. After the manner of Dickens, de réir nóis Dickens; mar a scríobhfadh Dickens. 2 Gnás m, nós m. After the manner of the kings, de réir ghnás na ríthe. As (if) to the manner born, mar a bheadh sin as broinn leis. Manners change with the times, ní lia aois ná gnás. 3 I don't like his manner to them, ní maith liom an dóigh atá leis ina ndáil. 4 pl. a Béasa mpl. He has a good manner, tá teacht-i-láthair maith leis. Bad manners, míbhéasa. It is bad manners to stare at a person, ní den mhúineadh stánadh ar dhuine. b (Good) manners, múineadh m, dea-bhéasa, mpl. That will teach him manners, múinfidh sin fios a bhéasa dó. Have you forgotten your manners? nach sílfeá go mbeadh múineadh ort? Aut: Road manners, béasa bóthair. 5 Cineál m, sórt m, saghas m. What manner of man is he? cén cineál duine é? All manner of men, an uile chineál daoine. No manner of doubt, amhras dá laghad.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is done in this manner, ar an gcaoi seo a dhéantar é.
Boyish manners, dóigheanna gasúir.
Common manners, míbhéasa mpl, mímhúineadh m.
He put on his company manners, chuir sé gothaí galánta air féin.
Crude manners, béasa gairgeacha.
The manners and customs (of a country), béasa agus bealaí (tíre).
He said, in a detached manner..., dúirt sé, go neamhthuairimeach...
Distance of manner, dúnáras m.
Ill manners, míbhéasa.
La-di-da manner, iompar baothghalánta; geáitsí mpl ardnósacha.
Manner of life, saol m, beatha f.
In like manner, ar an gcuma chéanna; mar an gcéanna.
By all (manner of) means, cinnte ar ndóigh.
By no (manner of) means, ar aon bhealach; ar chaoi ar bith.
Manner of life, modh maireachtála. dóigh shaolta.
He treated me in an off-hand manner, bhí sé giorraisc liom.
In a manner which permitted of no reply, ar dhóigh nárbh fhéidir a fhreagairt.
Polished manners, béasa síodúla.
The manner in which he reacted to the news, an chaoi a ndeachaigh an scéala i bhfeidhm air.
He has a repellent manner, tá dóigh ghránna leis.
I saw by his manner that he was lying, léigh mé air go raibh an t-éitheach aige.
F: Sin against good manners, beart m tútach.
To sin against good manners, dea-bhéasa a shárú.
His manners stamp him a gentleman, tá le haithint ar a bhéasa gur fear uasal é.
In a statesmanlike manner, mar a dhéanfadh státaire maith.
Unconstrained manner, bealach oscailte, réchúiseach.
To behave in an unneighbourly manner, bheith i do dhroch-chomharsa(towards, ag).
To do sth. in a workmanlike manner, rud a dhéanamh go slachtmhar.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht