schedule1, s.1Sceideal m, clár m, liosta m. Schedule of taxes, clár na gcánacha. 2Sceideal m, clár m ama ; scéim f (oibre). Everything went according to schedule, rinneadh gach rud de réir mar a bhí beartaithe. Up to schedule, (traein, etc.) ar an spriocuair.
schedule2, v.tr.1aCuirim (alt) mar aguisín (le dlí). bCuirim duillín, tuairisc, le (cáipéis, etc.). 2Cuirim (rud) ar chlár, liosta. 3Leagaim amach clár (oibre). The mayor is scheduled to make a speech, tá beartaithe go dtabharfaidh an méara óráid. The train is scheduled to arrive at noon, (de réir an chláir) tá an traein le bheith istigh ar uair an mheán lae.