sense1, s.1Céadfa m. The five senses, na cúig céadfaí. He has a keen sense of hearing, tá cluas ghéar aige. Error of sense, mearbhall m aithne, mearbhall céadfach. The sense organs, na baill chéadfacha. 2pl.aMeabhair f -bhrach, ciall f. He is in his senses, tá a chiall agus a chéadfaí aige. Are you in your right senses?an bhfuil do chiall ná do chéadfaí agat?Any man in his senses, fear ar bith agus é ina chiall. Have you taken leave of your senses?an as do mheabhair atá tú? an é rud a chaill tú do chiall?To bring s.o. to his senses, ciall a chur i nduine. He frightened me out of my senses, scanraigh sé an croí ionam. To come to one's senses, breith ar do chiall. bTo lose one's senses, an aithne a chailleadh. To come to one's senses, teacht chugat féin (as fanntais). 3aMothú m. A sense of pleasure, mothú pléisiúrtha. A sense of anger, mothú m feirge. He was labouring under a sense of injustice, shíl sé go rabhthas ag déanamh éagóra air. bCiall f, tuiscint f -eana. He has no sense of time, níl ciall ar bith don am aige. He has a keen sense of humour, tá tuiscint mhaith ar an ngreann aige. cHe took the sense of the meeting, rug sé tuairim an chruinnithe leis. 4Meabhair f, stuaim f, réasún m, ciall f. Common sense, ciall. He showed good sense, chruthaigh sé ina dhuine ciallmhar. He has no sense, níl splanc aige. To act against all sense, rud a dhéanamh le deargmhíréasún. To talk sense, labhairt go céillí. Talk sense, man!bíodh ciall agat, a dhuine!A person of little sense, duine beagchéillí. There is no sense in that, níl ciall ar bith leis sin. He has no more sense than a child, tá sé ar chiall na bpáistí. If only he had the good sense to remain silent, dá mbeadh de chiall aige fanacht ina thost. 5Ciall f, brí f, míniú m (focail, etc.). I can't make sense of this passage, ní féidir liom ciall, adhmad, a bhaint as an bpíosa seo. In the literal sense of the word, i gciall cheart an fhocail. In the full sense of the word, de réir ciall iomlán an fhocail. To take a word in a wrong sense, an chiall chontráilte a bhaint as focal. In a sense, ar dhóigh, ar bhealach.
sense2, v.tr.1Phil: Céadfaím. 2Taibhsítear (rud) dom. 3I had sensed as much, d'aithin, bhraith me, an méid sin.