so,Iadv.1aChomh. He is so (very) kind, tá sé chomh lách sin. She isn't so very old, níl sí chomh haosta sin. I am not so sure of it, níl mé chomh cinnte sin de. So true it is that . . ., tá sé chomh fíor sin go . . . He is not so feeble as he appears, níl sé chomh lag agus atá a chosúlacht. Would you be so kind as to...? ar mhiste leat. . .? What man would be so mean as not to admire him?cá bhfuil an té dá shuaraí é nach mbeadh meas aige air?He is so ill that he cannot speak, tá sé chomh tinn sin nach bhfuil aon chaint aige. Give me ever so little (and I shall be satisfied), tabhair dom oiread na fríde (agus beidh mé sásta). So much, an oiread sin. I loved him so (much), bhí an oiread sin grá agam dó. We enjoyed ourselves ever so much, bhí sport an tsaoil againn. Loving her so, he could not blame her, agus an grá a bhí aige di, ní thiocfadh leis milleán a chur uirthi. S.a. EVER 3, FAR1 1, LONG III 1. bIf it takes so many men so long to do so much work, má bhaineann sé an oiread seo ama as an oiread seo fear an oiread seo oibre a dhéanamh. 2aMar sin, ar an gcaoi sin. Stand so, fan mar sin. So it was that he became a soldier, is ar an gcaoi sin a rinneadh saighdiúir de. Why do you cry so?cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh mar sin?As X is to Y so is Y to Z, de réir mar tá X i leith Y atá Y i leith Z. As the father is so is the son, mar a bhíos an cú mór bíonn an coileán. So many men so many minds, ní lia duine ná barúil. They are so many rogues, níl san iomlán acu ach scata rógairí. She so arranged things that . . ., shocraigh sí an gnó sa chruth go . . . If it so happens that you are there, má tá i ndán go mbeidh tú ann. And so forth, and so on, agus mar sin de, agus dá réir sin. So to say, so to speak, mar a déarfá. So saying he departed, dúirt sé sin agus d'imigh. bI think so, is dóigh liom é. I suppose so, I expect so, déarfainn sin. I hope so, leis sin atá mo shúil. I fear so, sin an eagla atá orm. S.a. SAY2 1 (d). So it seems, de réir cosúlachta; tá a dhealramh sin air. I told you so!ná dúirt mé leat é!So much so that . . ., a oiread agus go . . . Much more so, níos fearr (faide, measa, etc.) arís. It is so, so it is, that's so, is amhlaidh atá; is fíor sin; mar sin atá. Is that so?mar sin é?It is not so, ní hamhlaidh atá. So be it!tá go maith! bíodh amhlaidh. Many people would have run away -- Not so he, is iomaí duine a theithfeadh -- Ach níor theith seisean. cHow so?conas sin?Why so?cén fáth sin?Perhaps so, b'fhéidir sin. Not so, ní hamhlaidh atá; ní fíor sin. Quite so! just so!go díreach glan! A shilling or so, scilling nó faoin tuairim sin. A hundred pounds or so, tuairim agus, suas agus anuas le, céad punt. A week or so, seachtain nó mar sin. dHe is right and so are you, tá an ceart aige agus agatsa freisin. He quickened his pace and so did I, ghéaraigh sé a choiscéim agus rinne mise mar an gcéanna. The days are warm and so are the nights, tá brothal sa lá agus ní taise don oíche é. I thought you were French ─ So I am, shíl mé gur Francach a bhí ionat ─ Agus shíl tú an ceart; agus is ea leis. eYou're late ─ So I am, tá tú mall ─ Is fíor duit. 3conj.phr.So that. a(Purpose) He stepped aside so that I might enter, dhruid sé i leataobh sa chruth go, i dtreo go, sa chaoi go, bhféadfainn dul isteach. Speak so that you are understood, labhair sa dóigh go, ar chuma go, dtuigfear thú. b(Consequence) He tied me up so that I could not move, cheangail sé mé sa dóigh nach raibh bogadh ionam. 4conj.phr.So as to. aWe hurried so as not to be late, rinneamar deifir chun, le, nach mbeimis mall, bSpeak so as to be understood, labhair chun go dtuigfear thú. To do sth. so as to annoy the neighbours, rud a dhéanamh d'fhonn buaireamh a chur ar na comharsana. I went with him, so as not to displease him, chuas in éineacht leis, leisce míshásamh a chur air. IIconj. 1Mar sin, dá bhrí sin. He did not reappear and so he was thought dead, ní fhacthas ina dhiaidh sin é agus síleadh mar sin gur mharbh a bhí sé. 2So there you are!anseo dhuit!So you are not coming?agus níl tú ag teacht más ea?So, my dear, I am forced to leave, agus sin é agat é, a chroí, tá orm imeacht liom.