account1, s.1Cuntas m. To cast an account, cuntas a áireamh. 2aCom: Fin: Cuntas. Detailed account, mionchuntas. Accounts payable, cuntais iníoctha. Accounts receivable, cuntais fála. Current account, cuntas reatha. My bank account, mo chuntas sa bhanc. To settle an account, scór, cuntas, a ghlanadh. To keep the accounts, na cuntais a choinneáil. In account with s.o., i gcuntas le duine. To pay ten pounds on account, deich bpunt a íoc mar chuid den chuntas, mar ghlasíoc, ar chuntas. On, for, account of s.o., thar cheann duine; ar son duine. bBille m. Account of expenses, bille an chostais. cHe found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó. To turn, put, a thing to account, leas m, tairbhe f, buntáiste f, a bhaint as rud. To turn sth. to the best account, a mhór a dhéanamh de rud. He can turn everything to account, is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos. dTo call s.o. to account (for sth. for doing sth.), míniú m, cuntas, a iarraidh ar dhuine. To bring s.o. to account, duine a thabhairt chun cúitimh. He has gone to his account, tá sé ar shlua na marbh, in áit na fírinne. To give account of sth., údar m, fáth m, a chur le rud. F: He gave quite a good account of himself, rinne sé gnóthaí maithe; chruthaigh sé go maith. 3aPerson of high account, duine mórluachach. He is of little account, is beag le rá é. He is of no account, is cuma ann nó as é. To make little account of sth., a bheag a dhéanamh de rud. He is held in account, tá meas mór air; tá urraim mhór dó. To take sth. into account, to take account of sth., rud a chur san áireamh. To leave sth. out of account, to take no account of sth., rud a fhágáil as an áireamh. bOn account of it, dá thairbhe, mar gheall air, as a shiocair. I was nervous on his account, bhí mé imníoch faoi. On account of the war, as siocair, de bharr, an chogaidh. On every account, ar gach slí, bealach. On no account, ar chuntar ar bith; ar a bhfaca tú riamh. cHe did it on his own account, rinne sé é as a stuaim féin, ar a chonlán féin. 4Cuntas m, tuairisc f. To give an account of sth., cuntas a thabhairt ar rud. To give an account of the position of affairs, léiriú a dhéanamh ar na gnóthaí. He gave an account of himself, (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht. By his own account, (i) de réir a chuid cainte féin; de réir mar a deir sé féin; (ii) más fíor dó féin; más cóir aird a thabhairt air. By all accounts, de réir gach scéil, gach tuairisce.
account2, v.tr. & ind.tr.1Pred.To account s.o. a scholar, meas scoláire a thabhairt ar dhuine. He accounts himself lucky, tá an t-ádh air, dar leis. 2aTo account for sth., rud a mhíniú. He must account for his conduct, caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha. To account for a sum of money, cuntas a thabhairt in airgead. bI can't account for it, ní thuigim é; ní féidir liom a mhíniú. There is no accounting for tastes, ní lia duine ná barúil; beatha duine a thoil. cF: To account for (=kill) s.o., duine a chur i leataobh; cos i bpoll a chur le duine.