string1, s.1Sreangán m, corda m, téad f. A ball of string, ceirtlín chorda. Bonnet-strings, ribíní boinéid. F: She has him on a string, tá sé ar teaghrán, ar slabhra, aici. To pull the strings, an focal sa chúirt a oibriú. 2Anat: Sreangán m (na teanga). S.a. HEART-STRINGS. 3(Of violin) Téad f. 4String of beads, (i) bráisléad m; (ii) Ecc: paidrín m. String of onions, trilseán m oinniún. String of fish, gallach m éisc. String of cars, scuaidrín m carranna. String of curses, rópa m eascainí. 5Foireann f (capall rása).
string2, v.tr.1aCuirim sreangán ar (rud), ceanglaím (beartán) le sreangán. bCuirim téada i (gcláirseach, etc.). 2Cuirim sreang le (bogha). Highly strung, sochorraithe, neirbhíseach. 3To string pearls, péarlaí a chur ar sreang. F: To string sentences together, abairtí a chur i ndiaidh a chéile. 4Cu: Scilim (pónairí).