Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: omen · oven · pen · on · one
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for open »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
open1, a. Oscailte. 1 a Open window, fuinneog oscailte, ar oscailt. To push the door open, an doras a oscailt romhat. Half-open, leathoscailte, faonoscailte. S.a. WIDE OPEN. To keep an open board, riar dá dtiocfadh i do dháil. b (Bosca) oscailte; (buidéal) gan chorc; (beartán) scaoilte. Open grave, uaigh thochailte, bhainte. El: On open circuit, ar neamhchiorcad. To break open a box, bosca a bhriseadh. To cut sth. open, gearradh trí rud; rud a scoradh, a ropadh (le scian, etc.). c Open to the public, cead isteach ag gach duine. d In (the) open court, i gcúirt phoiblí. Open trial, triail phoiblí. e (Of posts) Open to all, iniarrtha ag gach aon duine; cead cur isteach ag gach duine. Open race, rás oscailte. f Open vowel, guta oscailte. 2 In the open, in the open air, (amuigh) faoin spéir. In the open sea, ar an bhfairsinge; ar an domhan. To sleep in the open air, codladh amuigh. In the open country, ar an mblár fairsing; amuigh ar an réiteach. 3 a Open carriage, cóiste oscailte. Open boat, bád oscailte. Open light, solas gan scáth. b Nau: Open roadstead, ród oscailte. c Open to every wind, lom le gach uile aird ghaoithe; sceirdiúil. d He has left himself open to censure, chuir sé é féin ar shlí a cháinte. He has left himself open to ridicule, d'fhág sé ábhar magaidh air féin. It is open to doubt, chuirfeadh duine in amhras é; is cuid amhrais é. e I am open to conviction, is féidir rud a chur ina luí orm. He is not open to advice, ní éistfidh sé le comhairle; tá sé dochomhairlithe. Open to improvement, infheabhsaithe. 4 a Follasach, poiblí. Open secret, scéal rúin agus fios ag triúr air. Open letter, litir fhoilsithe (ar pháipéar nuachta). Fact open to all, rud is follasach don saol. b Open admiration, meas gan cheilt. He is an open enemy of the Government, tá sé ina namhaid ag an Rialtas os comhair an tsaoil. To be open with s.o., bheith díreach le duine; gan a dhath a cheilt ar dhuine. Keep your eyes open! coinnigh do shúile feannta! Mouth wide open with surprise, béal ar leathadh leis an iontas. 5 Open wound, cneá oscailte. Shirt open at the neck, léine faoi mhuineál oscailte. 6 Open soil, ithir bhriosc scaoilte. Mil: Open order, ord oscailte. Open fence, fál m scagach. Open tissue, uige f scagach. 7 a Open road, bóthar oscailte. Open view, radharc fairsing. Rail: Open signal, comhartha tite. Aut: Open corner, coirnéal oscailte. To keep the bowels open, siúl a choinneáil ar na hinní. Mus: Open string, téad shaor. b To keep the day open for s.o., an lá a choinneáil faoi réir do dhuine. The job is still open, tá an áit folamh go fóill. Two courses are open to us, tá dhá rogha againn. It is open to you to object, tá cead agat cur ina aghaidh. 8 Gan réiteach. Open question, scéal nach bhfuil socair. I have an open mind on it, níl aon intinn déanta agam air; níl claon agam leis ná ina aghaidh. To leave the matter open, an scéal a fhágáil gan socrú. 9 Com: Open account, cuntas m ar oscailt. Open credit, creidiúnas gan cheangal. Open cheque, seic gan chrosáil.   openly, adv. Go hoscailte, go follasach, os coinne cláir; (labhairt) go díreach, go neamhbhalbh. To do sth. openly, rud a dhéanamh os ard.
open2 . I v.tr. 1 a osclaím. To half open the door, faonoscailt a thabhairt ar an doras. S.a. DOOR. b Bainim an corc as (buidéal), scilim (ruacan, etc.); osclaím (litir); scaoilim (beartán). El: osclaím lasc ar (chiorcad). Med: To open the bowels, siúl a chur ar na hinní. c To open a new shop, siopa a chur ar bun. To open a road (to traffic), bealach a oscailt (do thrácht). 2 Scaraim (mo chosa), osclaím (mo lámh). I have not opened my mouth all day, níor scoilt mé béal ó mhaidin. He opened his eyes with astonishment, leath a shúile le hiontas air. To half open one's eyes, leathoscailt a thabhairt ar do shúile. To open s.o.'s eyes, a shúile a dhéanamh do dhuine. S.a. EYE1 1. 3 To open a hole in the wall, poll a bhriseadh ar an mballa. To open a road, bealach a dhéanamh. 4 Nochtaim. To open one's mind to s.o., d'intinn a ligean le duine, a nochtadh do dhuine. To open one's heart to s.o., a bhfuil ar do chroí a insint do dhuine. 5 Cuirim tús le (cruinniú, díospóireacht). To open a conversation, tús a chur ar chomhrá; an ceann a bhaint den scéal. Com: To open an account in s.o.'s name, cuntas a oscailt in ainm duine. Jur: To open the case, an cás a thionscnamh. Cards: To open clubs, teacht chun cláir le triuf. II v.i. 1 a The door opened, d'oscail an doras. Door that opens into the garden, doras amach chun an ghairdín. Lane that opens into the main road, lána atá ag dul go dtí an bóthar mór. The passage opens on to the street, tabharfaidh an pasáiste amach chun na sráide thú. b The bank opens at ten, ar a deich a osclaítear an banc. As soon as the season opens, chomh luath is a thosóidh an séasúr. 2 a (Of view) Nochtann, leathann. b (Of flower) Spréann. 3 Tosaíonn. Play that opens with a brawl, dráma a thosaíonn le babhta achrainn.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
In open assembly, i dtionól poiblí.
To open the ball, (i) tús a chur leis an damhsa; (ii) F: tús a chur leis na himeachtaí.
He began by opening the window, an chéad rud a rinne sé an fhuinneog a oscailt.
The door blew open, chuir an ghaoth an doras isteach.
To break open a door, a lock, doras, glas, a bhriseadh.
To introduce, open, the budget, an cháinaisnéis a chur os comhair na parlaiminte.
To burst open a door, comhla a ghreadadh isteach, amach.
Open, uncrossed, cheque, seic neamhchrosáilte.
The post will be filled by open competition, cuirfear comórtas oscailte ar bun leis an bpost a líonadh.
He is open to conviction on that point, b'fhéidir an pointe sin a áiteamh air.
Open country, mínleach m, réiteach m.
There was no course open to me but flight, ní raibh an dara rogha agam ach teitheadh.
In open court, sa chúirt phoiblí.
F: Open the window a crack, tabhair faonoscailt bheag ar an bhfuinneog.
To cut an opening in a wall, poll a dhéanamh i mballa; balla a pholladh.
May I open these letters? -- Please do, an osclóidh mé na litreacha seo? -- Oscail, le do thoil.
To open the door to abuses, caoi mhaith a thabhairt do lucht droch-chleachtaidh.
To open the door to a settlement, bealach a réiteach chun socraithe.
I was keeping my ears open, bhí cluas le héisteacht orm.
F: That made him open his eyes, bhain sin na fachailí as na súile aige.
He did it with his eyes open, bhí a fhios aige go maith cad a bhí á dhéanamh aige.
He keeps his eyes open, F: skinned, bíonn na súile scafa aige.
Keep your eyes open! bíodh súil in airde agat!
(He was so sleepy) he could not keep his eyes open, (le barr codlata) bhí na súile ag dúnadh air.
The door flew open, leath an doras de phreab.
Forest of timber trees, open forest, coill f ard.
Open formation, eagar scaoilte.
The hall is open free on Saturdays, tá cead isteach saor sa halla ar an Satharn.
Agr: (Open) furrow, clais f.
To gape open, (Of thg.) oscailt, leathadh, bheith ar leathadh; (of hole) bheith béal-leathan; (of seam, etc.) bheith scartha, ag oscailt.
Open gutter, clais f, deán m.
Clear, open, hawse, cáblaí réitithe.
True-hearted, open-hearted, dílís.
It is open to improvement, d'fhéadfaí é a leasú, feabhas a chur air.
Just when the door was opening, go díreach nuair a bhí an doras á oscailt.
To open a business on a large scale, gnó mór a chur ar bun.
He left the door open, d'fhág sé an doras ar oscailt.
To open the letters, na litreacha a oscailt.
To lie open, bheith ar oscailt, ar leathadh.
Nau: To make for the open sea, aghaidh a thabhairt ar an teiscinn mhór.
F: Do you mind if I open the window? ar mhiste leat é dá n-osclóinn an fhuinneog?
Impers.It needed the horrors of war to open our eyes, níor mhór uafás an chogaidh chun ár súile a oscailt.
Open to non-members, cead isteach ag cuairteoirí.
To open up a country to trade, tráchtáil a thabhairt chun tíre.
To lead an open-air life, do shaol a chaitheamh faoin aer.
Open-air meeting, cruinniú amuigh faoin spéir.
He looked at me with open-eyed astonishment, d'amharc sé orm agus a dhá shúil ar leathadh le hiontas ina cheann.
Open-hearted welcome, fáilte ó chroí.
Formal opening, tionscnamh foirmiúil.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News