EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
to-day , adv . & s . Inniu, an lá inniu . Today week , (i) (fut.) seachtain ó inniu ; (ii) (past) seachtain is an lá inniu . Eleven years today , aon bhliain déag cothrom an lae inniu . Today's paper , páipéar an lae inniu . He is here today and gone tomorrow , tá sé anseo inniu agus ansiúd amárach .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is not any better to-day , níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu .
(Ill, diseased) She is very bad to-day , tá sí go han-dona inniu .
Day by day, from day to day , ó lá go lá .
She is on edge to-day , tá sceideal inniu uirthi .
There was a flare-up at the fair to-day , chuaigh an lasóg sa bharrach inniu ar an aonach .
A fortnight ago to-day , coicís is an lá inniu .
I am going out to dinner to-day , íosfaidh mé mo dhinnéar amuigh inniu .
Mrs. X. is not at home to-day , (i) níl Bean X. sa bhaile inniu ; (ii) ní lá cuairteoirí ag Bean X. é seo .
The factory is idle to-day , tá an mhonarcha ina stad inniu .
I am (all) on my own to-day , tá mé liom féin inniu ; tá mé i m'aonar inniu .
What is the programme for to-day? céard atá leagtha amach don lá inniu?
Your letter reached me to-day , fuair mé do litir inniu .
Abs .She is not receiving to-day , ní lá cuairteoirí aici inniu é .
Abs .Reckoning from to-day , ag áireamh ó inniu amach .
They are running an extra train to-day , tá traein bhreise inniu acu .
I ran into him to-day , casadh orm inniu é .
I am not (quite) myself to-day , níl mé istigh liom féin inniu .
I feel shaky to-day , tá mé crólag inniu .
From day to day , ó lá go lá .
I didn't touch food to-day , ní dheachaigh blas bia i mo bhéal inniu .
What are potatoes to-day? céard, cé mhéad, atá ar na prátaí inniu?