EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
go out , v .i . 1 a Téim amach . Out you go! amach leat! To go out (on strike) , dul ar stailc . I am going out to dinner to-day , íosfaidh mé mo dhinnéar amuigh inniu . My heart went out to him , do gheal mo chroí dó . b To go out washing , dul ag níochán ar phá . c Téim i measc daoine . I never go out , ní chorraím amach in aon chor d To go out to Australia , dul go dtí an Astráil e Téann (scéal, etc.) amach . This communiqué should never have gone out , níor chóir an scéal seo a scaoileadh amach in aon chor . 2 It has gone out of fashion , tá sé caite i dtraipisí, san aer 3 Ceiliúrann, imíonn . All the hatred had gone out of his voice , ní raibh aon phioc den fhuath fágtha ina ghlór . 4 Pol : Cailleann cumhacht rialtais . 5 I went out of my way , chuireas aistear orm féin . S.a. WAY1 2(a). 6 (Of fire) Múchann, téann in éag . 7 (Of tide) Tránn .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
His condition would not allow of his going out , ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air .
He went out (just) as I came in , chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach .
Things are going, turning out, badly , níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí .
He went out bareheaded , chuaigh sé amach ina mhaoil .
They went out bodily , chuaigh an t-iomlán acu amach in aon slua amháin .
To go out charring , dul ag siobáil ; dul ar phá lae ; glantachán tí a dhéanamh ar phá lae .
You will catch your death, if you go out in this weather , gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir .
Either come in or go out , tar isteach, é sin nó gabh amach .
Come in or else go out , tar isteach, é sin nó gabh amach .
F : I am not going to pull the chestnuts out of the fire for him , ní chuirfeadsa mé féin i gcontúirt chun breith ar a aithreachas a thabhairt dósan .
Aut : To go flat out , imeacht sínte .
He went out for water , chuaigh sé amach faoi dhéin, i gcoinne, uisce .
Out (in, over, etc.) he went , amach (isteach, anonn, etc.) leis .
He likes going out , is breá leis éirí amach
When I had dined I went out , nuair a bhí mo dhinnéar caite agam chuaigh mé amach .
If you have finished your work, you may go out , má tá do chuid oibre críochnaithe agat, féadfaidh tú dul amach .
His name has gone out of my head , tá dearmad déanta dá ainm agam .
To go out to see the illuminations , dul amach leis na soilse a fheiceáil .
To go out in the rain , dul amach faoin bhfearthainn .
He is just going out , anois díreach atá sé ag dul amach .
Your going out so often isn't liked , níltear sásta le tú a bheith ag dul amach chomh minic sin .
It is sheer madness to go out in this rain , díth céille ceart é dul amach faoin mbáisteach seo .
To go, pass, out of mind , dul i ndearmad .
It went out of my mind , d'imigh sé as mo cheann, as mo chuimhne .
To go out of one's mind , dul as do chiall ; do chiall a chailleadh .
If fine we shall go out, if not, not , má bhíonn an aimsir go breá rachaimid amach, mura mbeidh, ní rachaidh .
He does nothing but go in and out , ní stopann sé ach ag dul isteach agus amach .
He went out with the ostensible object of . . . chuaigh sé amach mar dhea go, i leith agus go . . .
She doesn't go out much , is annamh a théann sí i lúb cuideachta .
He went all out for it , rinne sé a sheacht ndícheall é a bhaint amach .
To go out of the house , dul amach as an teach .
I’ll go out and see , rachaidh mé amach go bhfeicfidh mé .
He seldom if ever goes out , is beag a théann sé amach, má théann amach in aon chor .
To go out to service , dul ar aimsir chuig duine .
She went out stern first , chúlaigh sí amach .
To go, to come out, on strike , dul ar stailc ; stailc a chur suas .
As sure as I go out it rains , chomh luath agus a théim amach fliuchann sé .
To go out unobserved , dul amach gan fhios .
He went there with a view to finding out the truth , d'iarraidh na fírinne a chuaigh sé ann .
He went out to walk off his meal , chuaigh sé amach ag traoitheadh a bhoilg .
F : He went out of his way to oblige me , chuir sé dua air féin le gar a dhéanamh dom .
He went out of his way to provoke a quarrel , chuaigh sé in airicis na bruíne .
He seems to go out of his way to get hurt , déarfá gur d'aonghnó a théann sé i mbealach a bhasctha .
I met him when he was going out , bhuail mé leis agus é ag dul amach .
He went out for a whiff of air , chuaigh sé amach go bhfaigheadh sé lán a bhéil den aer .
He went out into the wilds , chuaigh sé amach san fhásach .