Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: anfhocal · dánfhocal · anfhola
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
ainmfhocal fir1 (sa ghramadach) ainm duine nó ruda (mar shampla, is ainmfhocail iad buachaill, Seán, capall, áit)
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
an focal aithne a thugtar ar dhuine nó ar rud nó ar áit; cáil, clú; ainmfhocal
mír chinnteachta roimh ainmfhocal san uatha (an fear, an bhean, an áit sin; an Bhóinn; an Spáinn; bean an fheirmeora, teach an tsagairt)
(le focal) bunú ar fhocal eile (aidiacht díorthaithe ón ainmfhocal) e.g. géagach ó géag
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear (in ionad sé) i ndiaidh na copaile nó sa chuspóireach (duine mar é; gan é sin; is é Seán é; déan é sin); (le haimsir, am, spás)(ach gan é a bheith ag báisteach)
(in abairt), (ainmfhocal), trasna, ar fiar; ar fán nó ar strae
tuiseal d'ainmfhocal a úsáidtear agus tú ag labhairt le duine
foirm ghramadúil d'ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu (teach an tsagairt, muintir na tíre, lucht leanúna, Sráid Uí Chonaill, trasna na Bóinne, timpeall na háite, ag ól dí)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal baininscneach agus a úsáidtear (in ionad sí) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (is í Máire í; nach breá an aimsir í; déanfar gan í, duine mar í)
mír a thagraíonn d'ainmfhocail san iolra agus a úsáidtear (in aonad siad) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (ní hiadsan iad; briseadh iad; daoine mar iad; níl agam ach iad)
mír chinnteachta roimh ainmfhocal san iolra nó roimh ainmfhocal baininscneach sa ghinideach uatha (na daoine, na háiteanna; gúna na mná, ag lasadh na tine)
focal beag a chuirtear roimh ainmfhocal lena thaispeáint cén bhaint atá aige le focal eile (mar shampla; ar, as, ag, do, de, i, ó etc.)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear mar ainmní i ndiaidh an bhriathair (dhíol sé a theach; tá sé déanta; bhí sé ag báisteach; tá sé chomh maith againn suí)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal baininscneach agus a usaidtear mar ainmní i ndiaidh an bhriathair (cailín deas ach tá sí beag; tá an oíche fada agus tá sí fuar)
mír a thagraíonn d'ainmfhocail iolra agus do dhaoine i gcoitinne agus a úsáidtear mar ainmní briathair (leabhair bhreátha ach níl siad léite agam; deir siad go bhfuil drochaimsir air)
an tuiseal d'ainmfhocal a úsáidtear i ndiaidh réamhfhocail shimplí
foirm (ainmneach, ginideach etc.) den ainmfhocal faoi thionchar focail eile in abairt
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News