DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
an fad a bhíonn duine ar an saol; cuntas ar shaol duine; rudaí a choinníonn beo duine, cothú, bia; focal fáilte (is é do bheatha)
i do bheatha, ar an saol; a bhfuil brí nó teas nó cumhacht ann (sreang bheo, aibhleog bheo, bolcán beo); beoga
duine, neach, beo (an beo agus an marbh); beatha (le linn mo bheo); feoil íogair faoi ionga
iomlán substainteach duine nó ainmhí, marbh nó beo (idir anam agus chorp); duine marbh (corp os cionn cláir, teach an choirp); creatlach (léim sé as a chorp); cabhail, colainn (corp gan cheann); stoc (corp crainn, corp colúin); iomlán (is é corp na fírinne é; le corp nirt)
dúil bheo, aon ní atá cruthaithe, éan nó feithid nó ainmhí, mar shampla; duine anbhann, duine bocht lách (an créatúr bocht)
aer ag gluaiseacht; aer ag séideadh go láidir, stoirm (gaoth mhór); gás sna putóga; caint áibhéalach bhladhmannach (níl ina chuid cainte ach gaoth); leid, siolla (gaoth an fhocail a fháil); aer (beo ar an ngaoth; cuir gaoth sa lamhnán)
bheith ann, bheith beo, bheith i do bheatha (an mhuintir a mhair an uair sin); leanúint de bheith ann (má mhaireann an aimsir seo); (mar fhocal comhghairdis) (go maire tú do chulaith nua)
gan a bheith beo, imithe den saol; gan bheocht gan bhrí (tá an intinn marbh ann); ina stad (uisce marbh); gan úsáid (airgead marbh); gan ghéire (pian mharbh); lag, balbh (fuaim mharbh)
iasc sliogánach is gnách a ithe beo as an sliogán
ní éigin gan a ainm a lua (an rud sin a cheannaigh tú); cúrsa, scéal (an rud a tharla, atá le rá agam); gníomh, beart (an rud a rinne sé); créatúr beo (tá rud beag aici; an rud óg; nach é an rud salach é); acmhainn, sochar (tá rud aige sin; fuair sé rud maith orthu); ní a iarrtar (déan rud ar d'athair); imní, brón (ná bíodh rud ort faoi)
craiceann an-tanaí i gcorp duine nó ainmhí nó planda a oibríonn mar líneáil nó mar uige cheangail, nó mar shac clúdaigh ar chealla etc.; stráice d'ábhar plaisteach chun grianghraif a thógáil; pictiúr beo
an gnó nó an ealaín a bhaineann le déanamh pictiúr beo
teacht slán; bisiú, teacht chugat féin; filleadh (téarnamh ó thuras); druidim le (ag téarnamh chun baile, ar am luí); teacht (ar an saol); teacht chun deiridh, bású (ó théarnaigh uainn an buachaill beo)