Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aint · bain · bain- · bainc · baist
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
baint could be a grammatical form of: bain » · aint »
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
baint bain2 rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan baint amach stoitheadh (fiacail a bhaint amach); tobhach (fiacha a bhaint amach); tarraingt (gáire a bhaint amach); tuilleamh, fáil (clú a bhaint amach); sroicheadh (an baile a bhaint amach) baint do teagmháil le; cur isteach ar; tarlú do (bhain taisme dó) baint faoi fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach) baint le cur isteach ar, teagmháil do; ceangal nó gnó a bheith ag rud le rud eile (ní bhaineann sé liom)
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
achainí (Dia a agairt); díoltas a imirt, sásamh a bhaint amach (coir a agairt ar dhuine)
réidh le baint (mar arbhar) nó le hithe (mar úll); gasta, cliste (súil aibí)
druga a thugtar do dhuine chun a mhothú a bhaint de go sealadach
gléas, gaireas, fearas, gar (áis a bhaint as rud); saoráid (áiseanna cócaireachta)
ag baint (le), a bhaineann (le)
rudaí a itheann daoine nó ainmhithe, beatha; adhmad, substaint (bia a bhaint as caint)
furasta léim a bhaint as; beoga, anamúil
deas le hithe nó le hól; ráite go deas (caint bhlasta); ag obair go deas (tá an speal ag baint go blasta)
bainne a bhaint de bhó, de ghabhar etc., crú; an bainne a fhaightear amhlaidh
cloch chrua ar féidir spréacha a bhaint aisti le píosa de chruach
leá méin le miotal a bhaint as
baint arbhair
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
leas (buntáiste a bhaint as rud); tosach áite ar dhuine eile; seans le bua a fháil
ábhar vásta a scaoiltear as an gcorp; mian ar féidir miotal a bhaint as (cac iarainn)
cáilíocht a bhaint amach
radharc na súl a bhaint de dhuine; dalladh (chaoch an solas é); dúnadh, tachtadh (chaoch an píopa)
a bhfuil céasadh ann nó ag baint leis, peannaideach
an cineál oibre nó saothair a dtuilleann duine a bheatha leis; obair a bhfuil scil ar leith ag baint léi; slí bheatha
go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
tochas beag a chur ar dhuine le sciotaíl gháire a bhaint as
baint cluimhrí d'éan
gual agus an gás bainte as le teas an-ard
seilbh ruda a bhaint de dhuine mar phionós
na clocha a bhaint as ainmhí fireann
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
atá ina choir nó a bhfuil baint aige le coir (gníomh coiriúil)
craiceann a bhaint de rud; craiceann a leasú chun leathair; dathú nó clúdach le coirt
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
gléas ar dhéanamh scriú chun coirc a bhaint as buidéil
uirlis le lann chuartha agus doirnín beag chun féar, arbhar etc. a bhaint; an giall íochtair (corrán géill)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
corraí nó suaitheadh tobann a bhaint as rud (chroith sé a cheann, chroith sé lámh liom); leathadh (síol a chroitheadh, salann a chroitheadh ar rud); beartú, sméideadh (chroith sé an bata liom, a cheann orm)
a dhéanamh dall, radharc na súl a bhaint de; dorchú; flúirse (bhí dalladh bia ann; ag báisteach ar dalladh)
radharc na súl a bhaint de dhuine go sealadach le solas etc.
cáilíocht a tharraingt siar nó a bhaint de dhuine; duine a dhearbhú neamhcháilithe nó neamhoiriúnach mar gheall ar riail a bhriseadh
an ceann a bhaint de
leá, scaipeadh (tháinig díleá orthu); leá bia sa ghoile le go bhféadfadh an corp fuinneamh a bhaint as
díluchtú, ualach a fholmhú; piléir a bhaint as gunna
folmhú, lucht nó ualach a bhaint de long, etc.
oighear nó reo a bhaint as
gan glacadh le rud (ná diúltaigh é); a rá nach mbeidh baint ná páirt agat le rud nó duine; droim láimhe a thabhairt le rud (diúltú don diabhal); lagú (tá an ghrian ag diúltú); seachaint, druidim siar (tá siad ag diúltú romhainn)
cineál crua cloiche ar féidir spréacha a bhaint aisti go héasca le smut de chruach
scamhadh fiacla chun duine mar olc air; scaimh; druidim, teagmháil, baint (ná drann leis; níl sé ag drannadh leis an ól)
múscailt as chodladh; preab (dúiseacht a bhaint as duine); bail an ruda atá dúisithe (bhí sí ina dúiseacht); tosú (inneall a dhúiseacht)
baint deannaigh de rud, glanadh deannaigh
déileáil, trádáil; úsáid, buntáiste (ní thig liom aon earraíocht a bhaint as)
achar ama nó spáis nó slí; síneadh (fad a bhaint as scéal); raon (fad m'urchair; fad mo radhairc uaim)
brú ruda le leacht a bhaint as (éadach, oráiste, a fháscadh); teannadh (lámh, snaidhm, téad, a fháscadh); teannadh, druidim, le (tá siad ag fáscadh orainn); teannadh (fáscadh chun reatha)
an craiceann a bhaint (de rud); sciolladh (feannadh teanga)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News