rang1, m. (gs. ~a, pl. ~anna).1. Rank. (a) Row, line. ~ a dhéanamh, to form a line. Na ~anna a dhúnadh, to close the ranks. Bhí siad ina seasamh ina ~anna, they were standing in rows. (b) Order, station. Tá siad ar aon ~ amháin, they are of equal rank. 2. Sch: Class. An ceathrú ~, the fourth class. Leabhar ~a, class-book. Cé atá sa ~ leat ar scoil? Who is in your class at school?