téigh1, v.t. & i. (pres. téann, fut. -ifidh, vn. téamh, pp. -ite). Heat, warm. 1. (a)Do chosa a théamh leis an tine, to warm one’s feet before the fire. Tá an seomra ag téamh go breá anois, the room is getting nice and warm now. ~ an leaba duit féin, air the bed for yourself. Théigh sí buidéal bainne don leanbh, she warmed a bottle of milk for the child. ~ an bia san oigheann, heat the food in the oven. (b) Give warm feeling to. Téifidh an bia do ghoile, the food will warm your stomach. (c) Have warm feeling for. Níor théigh mo chroí riamh leo, my heart never warmed to them. 2. (a) Kindle, glow. Téifidh sé na leicne agat, it will make your cheeks glow. (b) Inflame. Tá sé ag téamh ina chuid fola, ina chraiceann, he is getting hot and angry. Théigh fá dtaobh díom, I became hot and nervous. S.a. craiceann 1. (c) Overheat. Tá an féar ag téamh sna cruacha, the hay is heating in the stacks.
téigh2, v.t. & i. (pres. téann; fut. rachaidh; p. chuaigh, aut. chuathas, dep. deachaigh, dep. aut. deachthas; vn. dul, pp. dulta). Go. 1. Move, proceed. (a)Dul ó áit go háit, abhaile, go Meiriceá, to go from place to place, home, to America. Dul soir, suas, anonn agus anall, isteach sa teach, to go east, up, to and fro, into the house. Cá ndeachaigh siad? Where did they go? (b) (With noun as complement) Dul an bóthar, to go along the road; to go by road. ~ an bealach seo, go this way. Rachaimid amach an sliabh, we will go out over the mountain. Chuaigh seisean an t-áth agus mise an clochán, he went by the ford and I went by the stepping-stones. (c)Ag dul leathchéad míle san uair, going fifty miles an hour. 2. (a) Extend in certain direction. Tá na bóithre ag dul ó thuaidh agus ó dheas, the roads run north and south. (b) Reach. Bhí an t-uisce ag dul go glúine orm, the water was rising up to my knees. Chuaigh an ráfla chomh fada leis, the rumour reached him. Fad a théann mo dhícheall, as far as in me lies. (c) Last. Rachaidh an ghealach go ham luí, the moonlight will last till bedtime. Go dté tú an céad, may you live to be a hundred. 3. (a) Get on, fare; turn out. Cad é mar a chuaigh an cluiche? How did the match go? Conas tá an scéal ag dul? How are matters going? Lit:Mar théim, how I fare. (b)(Of words, notes) Run. Seo mar a théann an chéad véarsa, this is how the first verse goes. 4. (a) Make, cost. Rachaidh an gamhain sin luach maith, that calf will fetch a good price. Cá mhéad a chuaigh na caoirigh inniu? What price did sheep reach today? (b) Offer, bid. Rachainn punt eile dá dtagadh orm, I’d go another pound if I had to. 5. (With vn.) Dul a luí, a chodladh, to go to bed, to sleep. Ag dul ag obair, ag léamh leabhair, going to work, to read a book.