SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
mír a thagraíonn d'ainmfhocal baininscneach agus a úsáidtear (in ionad sí) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (is í Máire í; nach breá an aimsir í; déanfar gan í, duine mar í)
(sa ghramadach) cáilíocht ainmfhocail a fhágann de ghnáth gur féidir é a rá leis nuair atá sé firinscneach agus í nuair atá sé baininscneach (Níl aon inscne neodrach sa Ghaeilge anois)
mír chinnteachta roimh ainmfhocal san iolra nó roimh ainmfhocal baininscneach sa ghinideach uatha (na daoine, na háiteanna; gúna na mná, ag lasadh na tine)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal baininscneach agus a usaidtear mar ainmní i ndiaidh an bhriathair (cailín deas ach tá sí beag; tá an oíche fada agus tá sí fuar)