Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: criathar · riathar · imbriathar · bráthair · briathrach
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
briathar fir1 focal (briathar béil); (gramadach) focal a insíonn cad a dhéantar nó a tharlaíonn (tar, imeoidh, shuigh, seasann etc.) briathartha aid3
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
(sa ghramadach) an rud a dtugann an briathar faisnéis faoi
mír cheisteach roimh bhriathar (an dtagann faitíos ort? an ólfaidh sé é? an suífeá síos?)
= briathra
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear i gcás a mbeadh coinníoll i gceist
comhlíonadh (comhall briathair, gealltanais)
an briathar is
tuiseal ainmfhocail agus é faoi réir an bhriathair
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
focal a chuirtear le briathar, aidiacht nó dobhriathar eile mar bhreis eolais air agus a léiríonn conas, cá mhéad, cathain etc. (rud a dhéanamh go mall, go hiontach mall, go han-mhall ar fad)
(iarsma de bhriathar in abairt)
foirm den bhriathar sa Laidin, etc. a léiríonn gurb é an t-ainmní cuspóir an ghnímh
fear nó bean feasa, fáidh; (sa ghramadach) foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith le teacht
(iarsma de bhriathar)
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear chun guí, dóchas nó éiginnteacht a léiriú (fan go dtaga sé; nárab é duit)
a úsáidtear le briathra i gcaint indíreach (gur ina ionad san aimsir chaite)(deir sé go bhfuil ocras air, fan go bhfeicfidh mé, b'fhada liom go mbeadh sé déanta agam)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
fothrach, múchán; rian, lorg; (sa ghramadach) an aimsir den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith ar siúl san am i láthair
gan mhoill, ar an toirt; anois díreach (déan láithreach é); i láthair; (sa ghramadach) a bhaineann le láithreach an bhriathair
bealach nó dóigh le rud a dhéanamh (modh oibre); iompar ceart (modh agus múineadh); urraim (modh don aois); measarthacht (dul thar modh le rud) (sa ghramadach) gné den bhriathar a léiríonn cé acu ráiteas, ordú, guí, etc. atá i gceist (modh táscach, ordaitheach)
mír cheisteach dhiúltach roimh bhriathar (nach bhfeiceann tú féin é? nach bhfuil do dhóthain agat?) nó ag tabhairt ordú (nach suífeá)
focal roimh bhriathar chun an diúltach a léiriú (an té nach bhfuil ciall aige; rún nach sceithfinn)
mír ghuítheach dhiúltach le briathar (nár fheicimid arís é)
focal a léiríonn an diúltach le copail nó briathra (ní bhuaileann tú, ní bhuailfeá, é; ní fhaca mé thú; ní bhfuair mé é; ní maith liom é; ní fear a bhí ann ach bean)
(sa ghramadach) an modh den bhriathar a úsáidtear agus ordú á thabhairt
na cineálacha focal in abairt a ainmniú (ainmfhocail, forneacha, briathra etc.) agus a rá cén coibhneas atá acu le chéile
glacadh páirte (i rud); aidiacht a dhéantar as briathar (mar shampla, maide briste, teach ligthe ar cíos, scanraithe roimh dhuine)
córas infhillte an bhriathair
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear mar ainmní i ndiaidh an bhriathair (dhíol sé a theach; tá sé déanta; bhí sé ag báisteach; tá sé chomh maith againn suí)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal baininscneach agus a usaidtear mar ainmní i ndiaidh an bhriathair (cailín deas ach tá sí beag; tá an oíche fada agus tá sí fuar)
mír a thagraíonn d'ainmfhocail iolra agus do dhaoine i gcoitinne agus a úsáidtear mar ainmní briathair (leabhair bhreátha ach níl siad léite agam; deir siad go bhfuil drochaimsir air)
feidhm a bhaint as an intinn (ag smaoineamh go domhain; rinne mé smaoineamh i m'intinn); tuairim, cuimhneamh (is maith an smaoineamh é; le smaoineamh nó le briathar; ag smaoineamh ar é a dhéanamh)
(le briathar) den mhodh a luann rud mar fhíric agus ní mar a shamhlaítear don chainteoir nó mar ba mhaith leis a bheadh
(thú faoi réir briathair) mír a sheasann don té a bhfuiltear ag caint leis (is tú a dúirt é; ní aithním thú)
(thusa faoi réir an bhriathair) tú féin (is tusa a dúirt é; dfhág sé thusa ansin)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht