Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: eireaballán · earball · eileabar · eireaballach · airdeall
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
eireaball fir1 an chuid d'ainmhí, d'eitleán etc., a ghobann uaidh siar; an taobh thiar de dhuine nó de rud (ná bí crochta as m'eireaball; líon eireabaill); íochtar (eireaball cóta, léine) eireaballach aid1
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
moncaí mór gan eireaball
ainmhí géarfhiaclach faoi fhionnadh mín agus eireaball leathan a ghearrann adhmad agus a dhéanann dambaí in abhainn
ainmhí fiáin a bhfuil fionnadh fada tiubh air agus eireaball gairid
gruaig ghairid; frainse tosaigh gruaige; eireaball bearrtha
ainmhí mór crúbach a bhfuil moing agus eireaball fada air a úsáidtear chun marcaíochta, chun feithiclí a tharraingt, agus chun rásaíochta
ball spéire cosúil le réalta agus eireaball scuabach air
draoib; eireaball draoibe
éinín bídeach donn agus eireaball cocáilte air; aon chréatúr beag
iasc beag agus ceann cosúil le capall air agus eireaball casta a chuidíonn leis snámh ina sheasamh
ainmhí beag ceathairchosach clúdaithe le gainne agus eireaball fada air (earc luachra, sléibhe); reiptíl
éan beag a itheann feithidí, sciatháin fhada bhioracha air agus eireaball gabhlógach (Tá cáil uirthi as a heitilt dheas agus as an achar fada a théann sí ar imirce)
eireaball; gas; slat
ainmhí beag gan eireaball a mhaireann gach re seal ar talamh agus in uisce
éan farraige cosúil le faoileán beag agus eireaball gabhlógach air
stumpa eireabaill
éan beag a bhfuil eireaball fada air a luascann sé suas is anuas
eireaball beag le focal (ar nós -acht le breoiteacht, -ín le teachín, -ra le spíosra)
ainmhí crainn, rua nó glas, é creimneach agus eireaball fada air
péist lannach a bhfuil eireaball fada agus ceithre chos uirthi
sraith achainíocha a úsáidtear i seirbhísí eaglasta nó mar eireaball leis an gCoróin Mhuire; aon ní a bheadh de ghlanmheabhair ag duine (tá sé ina liodán aige)
(le hainmhithe) ag taispeáint ceana agus áthais le croitheadh eireabaill, cromadh síos, lí lámh, etc.; (le daoine) bladar is milseacht ag lorg fabhair le ró-umhlaíocht; (le huisce) líreac, cuimilt in aghaidh cósta nó carraige
madra fiáin a bhfuil fionnadh rua agus eireaball fada air, sionnach
bruinneall mhara sna scéalta a raibh eireaball éisc uirthi
éan mór agus cleití eireabaill áille air a thig leis a oscailt amach mar a bheadh fean ann; cailín péacach
éan géim galánta agus eireaball fada álainn air
iasc mór de chineál na leathóige agus eireaball fada nimhneach air
= eireaball
ainmhí talún ar nós an ghliomaigh agus eireaball fada air a bhfuil cealg nimhe ann
stumpa beag eireabaill; geidín
gearradh, bearradh, lomadh (eireaball sciota)
stumpa beag eireabaill, sciot; rúid, gluaiseacht thobann
ar chuma scuaibe (eireaball scuabach); a scuabfadh nó a d'fhuadódh (gaoth scuabach)
ainmhí beag de chuid Mheiriceá Thuaidh, é dubh agus stríoca bána air agus eireaball mothallach (Sceitheann sé leacht bréan uaidh nuair a bheirtear air)
duine lom tanaí; iascbeag sliogánach agus eireaball fada air, ribe róibéis
gluaiseacht ar barr uisce nó thíos faoi nó tríd le cabhair na ngéag nó le heití agus eireaball; cumas snámha (níl aon snámh aige); cineál snámha (snámh brollaigh, snámh droma); sní, sleamhnú (eascann ag snámh ar an talamh); máinneáil (ag snámh thart)
moll, mogall, (caor, bláthanna, gruaige etc.); eireaball (gúna etc.)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht