SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
árthach sciathánach atá níos troime ná an t-aer ach ar féidir léi eitilt
eitilt ghearr, ruaig; fráma éadrom clúdaithe le páipéar nó éadach lena chur ar foluain san aer ar cheann corda
dúchas sa duine nó san ainmhí rudaí áirithe a déanamh astu féin gan mhúineadh gan foghlaim (ar nós mar atá éin óga in ann eitilt)
éirí ó thalamh de phreab (léim in airde ar chlaí); éirí, lingeadh, de dhroim ruda (léimfinn claí duit); tuirlingt de phreab (léim anuas de chapall); preabadh, bíogadh (léim sí as a codladh); eitilt (ag léim ó chrann go crann); sciorradh (ag léim ó scéal go scéal)
éan ollmhór fadchosach nach féidir leis eitilt, ach a bhfuil rith maith aige
éan mara Antartach nach bhfuil in ann eitilt agus a shiúlann lena cheann san aer ar chosa beaga gearra