coisíocht, f. (gs. ~a).1. vn. of coisigh. 2. Pace, gait; foot-travel. Luath i g~, fleet of foot. Bhí a oiread sin ~a faoi, he was going at such a pace. Géarú ar an g~, to increase one’s pace. Tá an choisíocht rófhada aige, it is too far for him to walk. An choisíocht a bhaint den chapall, to slow down the horse’s pace. Bainfidh mise an choisíocht díot, I’ll put a stop to your gallop. Bhraith siad an choisíocht ina ndiaidh, they heard footsteps following them. Prov:Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná ~ dá fheabhas, anything is better than walking, half a loaf is better than no bread.