margadh, m. (gs. -aidh, pl. -aí).1. Market. ~ eallaigh, beithíoch, cattle-market. ~ éisc, glasraí, fish-, vegetable-, market. ~ airgid, money-market. ~ olla, wool-market, wool-hall. Tá an lá i ~ na holla, it is late in the day. ~ dubh, black market. Bheith ar an ~, to be at the market. Teacht ar an ~, (of goods) to come on the market. Rud a chur ar an ~, to market sth. Tá an ~ ann dóibh, there is a market, a ready sale, for them. Rud a chur ó mhargadh, to make sth. unmarketable. Rud a dhéanamh an lá i ndiaidh an mhargaidh, to do sth. when it is too late. Fin:An ~ a chóiriú, a dhaoirsiú, to rig, bull, the market. Lá margaidh, market-day. Fear margaidh, (i) marketeer, (ii) bargain-maker. S.a. luach 2. 2. Bargain; agreement, compact. ~ a dhéanamh le duine faoi rud, to make a bargain with s.o. about sth. Chuaigh mé chun margaidh leis faoi, I bargained with him over it. Fuair tú ~ maith ann, you got it at a bargain price, cheap. Is daor an ~ é, it is a dear bargain, dearly bought. Bhí sin sa mhargadh, that was part of the bargain. Chuir sé sa mhargadh (go), he stipulated (that). Tá do mhargadh agat, you have got what you bargained for. Bíodh ina mhargadh, it’s a bargain, settled. Tá do mhargadh déanta, you have made your deal; your affairs are settled; your match is made. Is é an ~ réidh é, he is easily fooled; he is really gullible. Ba dheas do mhargadh fanacht sa bhaile, it would have been much better for you to stay at home. S.a. ionracas 1. (Var. pl. of 2:margáintí)