rabharta, m. (gs. ~, pl. ~í).1. Spring tide. ~ mór an earraigh, na Féile Pádraig, na n-éan, spring equinoctial tide. ~ mór an fhómhair, na Féile Michíl, autumn equinoctial tide. S.a. lag13, maidhm1. 2. Fig:(a) Flood, torrent. ~ cainte, tarcaisne, flood of speech, of sarcasm. ~ feirge, surge of anger. Tá ~ d’aimhleasa fút, you are rushing headlong to destruction. Tháinig sé ina ~ air, it surged up within him. (b) Superabundance. Bhí ~ ar chruithneacht an bhliain sin, wheat was unusually abundant that year. Bhí ~ ar bhia againn, we had a huge supply of food. S.a. mallmhuir. (Var. of 2:~s m)