engage, v.tr. & i.1Gabhaim orm, téim i mbannaí, geallaim. To engage (oneself) to do sth., dul i mbannaí rud a dhéanamh. 2aFostaím (searbhóntaí, oibrithe). bCuirim (seomra, etc.) in áirithe. 3Tarraingím (aire duine) orm. To engage s.o. in conversation, forrán cainte a chur ar dhuine. 4To engage the enemy, dul i ngleic leis an namhaid. 5Gabhann greim, téann i ngreim(with, i).