Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: away · bay · day · gay · hay
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for way »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
way1, s. 1 Bóthar m. The public way, an bóthar mór. Over, across, the way, taobh thall den tsráid, den bhóthar; trasna na sráide, an bhóthair. The house across the way, an teach thall. Rail: (Six-foot) way, idirbhealach m (sé throigh). S.a. COMPANION2 2, PERMANENT. 2 a (Route) Bealach m, slí f. The way to the church, an bealach chun na hEaglaise; bóthar an tséipéil. To show s.o. the way, duine a chur ar a bhealach, eolas an bhealaigh a thabhairt do dhuine. To ask one's way, faisnéis an bhealaigh a chur; eolas na slí a lorg. He lost his way, chuaigh sé ar seachrán, amú. To go the wrong way, dul an bealach contráilte, ar seachrán bóthair. To go the shortest way, an t-aicearra, an cóngar, a ghearradh. He knows his way about the town, tá eolas an bhaile aige. F: He knows his way about, tá fios a ghnó aige. To prepare the way, an tslí a réiteach. To start on one's way, dul i gcionn aistir, cur chun bóthair. On my way home, ar mo bhealach abhaile (dom). F: He is on his way to the workhouse, tá sé ag tarraingt ar theach na mbocht. To go the way of all things, dul don éag mar chách. F: Go your own way, déan do chomhairle féin. F: He went out of his way to oblige me, chuir sé dua air féin le gar a dhéanamh dom. He went out of his way to provoke a quarrel, chuaigh sé in airicis na bruíne. He seems to go out of his way to get hurt, déarfá gur d'aonghnó a théann sé i mbealach a bhasctha. (Of house, etc.) Out of the way, aistreánach, scoite, iargúlta. Her beauty is nothing out of the way, is furasta a moladh ar a breáthacht. b Way in, bealach isteach. Way out, bealach amach; F: bealach éalaithe. Way through, bealach tríd. To find a way in, bealach isteach a aimsiú; do bhealach a dhéanamh isteach. c To find one's way to a place, do bhealach a dhéanamh go dtí áit; an t-eolas a dhéanamh go dtí áit. He found his way into the house, d'éirigh leis dul isteach sa teach. To make one's way towards a place, déanamh, tarraingt, ar áit. To make one's way through a wood, do bhealach a mheabhrú trí choill. To make one's way back, filleadh ar ais. To make one's way in the world, dul ar aghaidh, chun cinn, sa saol. He worked his way up, d'oibrigh sé roimhe aníos. To pay one's way, gan caitheamh thar do chumas; fanacht os cionn do chumais. I can't see my way to do it, ní léir dom caoi a dhéanta agam. S.a. CLEAR2 I. 3, FEEL2 1, WEND. d To stand in s.o.'s way, bheith sa bhealach ar dhuine; duine a chosc. To put difficulties in s.o.'s way, bac a chur sa bhealach ar dhuine; constaicí a chur roimh dhuine. They are in one another's way, tá siad sa bhealach ar a chéile. To be in s.o.'s way, bheith sa bhealach, sa tslí, ar dhuine. F: To put s.o. out of the way, duine a chur i leataobh. To get out of the way, an bealach a fhágáil. Get out of the way! fág an bealach! To keep out of the way, fanacht ar leataobh, ar gcúl. To keep out of s.o.'s way, duine a sheachaint; fanacht amach ó dhuine. To make way for s.o., áit a dhéanamh do dhuine. S.a. HARM1 . e See RIGHT1 II. 2. 3 (Distance) Achar m, tamall m. To accompany s.o. a little way, duine a chomóradh feadh tamaill bhig, tamall slí. All the way, i rith an bhealaigh; go deireadh an aistir. Part of the way, cuid den bhealach; tamall de shlí. It's a long way from here, is fada an t-achar as seo é. You have a long way to go, tá bealach fada romhat. A little way off, achar gearr ó láthair. F: He will go a long way, déanfaidh sé go maith sa saol. His name goes a long way, tá meáchan mór ina ainm. A little sympathy goes a long way, is mór an mhaith rud beag trua. He makes a penny go a long way, baineann sé fad as an bpingin. By a long way, i bhfad Éireann. Not by a long way, ná faoi mhíle de; ná in aon ghaobhar do. You are a long way out, tá tú i bhfad ón gceart. 4 a (Direction) Aird f, treo m. Which way is the wind blowing, cén aird ghaoithe atá ann? cá bhfuil an ghaoth? This way out, amach an bealach seo. Which way did you come? cén bealach ar tháinig tú? Mockery cuts both ways, bíonn dhá cheann ar an magadh. This way and that, anonn agus anall. He doesn't know what way to look, níl tógáil a chinn aige. To look the other way, breathnú sa taobh eile. I have nothing to say one way or the other, níl a dhath le rá agam ina leith ná ina aghaidh. I am going your way, tá mé ag dul do bhealachsa. Down our way, sa tír s'againne. Such people have not often come my way, is annamh a bhí plé agam le daoine den chineál sin. Anything that comes my way, rud ar bith a thitfeas liom, a thiocfas i mo líon. If the opportunity comes my way, má fhaighim an fhaill. S.a. INCLINED 2, PARTING2 1. b The wrong way, an bealach contráilte. The wrong way up, taobh síos suas; taobh tuathail in airde. Right way up, taobh ceart ar barr. S.a. WRONG1 I. 3. c Two-way cock, coc dúbailte. S.a. THREE-WAY, TWO-WAY. 5 (Means) Caoi f, bealach m, slí f. To find a way, caoi a fháil(to, chun, le). I have no way of getting it, níl teacht agam air. S.a. WILL1 1. 6 a Modh m -a, dóigh f, cuma f, caoi f. In this way, ar an gcaoi seo. In a friendly way, go muinteartha. Speaking in a general way, le tagairt don scéal i gcoitinne. Without in any way wishing to blame you, agus ní ag iarraidh milleán dá laghad a chur ort é. That's the way the money goes, sin mar a chaitear an t-airgead. That's the way! sin thú! sin é anois agat é! To go the right way to work, cur chuige i gceart. In one way or another, ar dhóigh nó ar dhóigh eile. To do a thing the right way, rud a dhéanamh mar is ceart. There are no two ways about it, níl anonn ná anall ann; níl ach aon insint amháin ar an scéal. You can't have it both ways, ní féidir é bheith ina ghruth agus ina mheadhg agat. He'll go on the same old way, ní athróidh sé béasa lena sholas; faoi mar a mhair sé riamh is ea mhairfidh choíche. The way things are going, ar an bhfuadar atá faoin saol. Will you continue in that way?, an leanfaidh tú ar an aiste sin? It is this way, seo mar atá. Our way of living, an cineál saoil atá againn. His way of looking at things, an dearcadh atá aige. That's his way, sin a dhóigh, sin an bealach atá leis. That is always the way with him, sin mar a bhí sé riamh. To do things one's own way, do chomhairle féin a dhéanamh. He is intelligent in his way, tá sé intleachtach ina dhóigh féin. I helped him in my small way, an beagán cuidithe a bhí ar mo chumas, thug mé dó é. To be in the way of doing sth., a bheith de dheis agat rud a dhéanamh. To get into the way of doing sth., (i) a fháil mar nós rud a dhéanamh; (ii) teacht isteach ar rud a dhéanamh. You will get into the way of it, tiocfaidh tú isteach air; éireoidh tú cleachta air. b Engaging ways, béasa, dóigheanna, meallacacha. I know his little ways, is eol dom gach lúb dá bhfuil ina cheann. He has his own little ways, tá bealaí beaga dá chuid féin aige. She has a way with her, mheallfadh sí duine; tá an mealladh inti. c Ways and customs, nósanna agus gnásanna. The ways of good society, béasa na huaisleachta; béasa creidiúnacha. d To have, get, one's own way, cead do chinn a bheith agat. He wants his own way, tá sé ag iarraidh a chomhairle féin. Let him have his own way, scaoil leis; bíodh aige. He had it all his own way, bhí gach sórt ar a thoil aige. S.a. YOUTH 1. 7 (Respect) In many ways, ar chéad bealach; ar fhiche dóigh. In some ways, ar dhóigheanna, ar shlite áirithe. He is a gentleman in every way, duine uasal amach is amach é. She is clever in a way, tá sí cliste ar bhealach. 8 Cúrsa m, imeacht m -a. The moon keeps on her way, leanann an ghealach dá cúrsa. I met him in the ordinary way of business, casadh orm é agus mé ag plé le mo ghnáthghnóthaí. In the ordinary way I am home by five o'clock, de ghnáth bím sa bhaile i dtrátha a cúig a chlog. 9 a The flood is making way, tá an tuile ag breith chuici. To make no great way, gan mórán dul chun cinn a dhéanamh. b Siúl m. Ship under way, soitheach faoi shiúl. To get under way, imeacht. To gather way, siúl a thógáil. (In rowing) Give way! lig ort í! (Cp. GIVE2 I 10) 10 a He is in a good way, tá dóigh mhaith air. The turf seems to be in a bad way, tá droch-chuma ar an móin. He is in a bad way, tá sé ar an anás. He is in a bad way of health, níl an tsláinte ar fónamh aige. He is in a bad way of business, tá drochbhail, níl aon rath, ar a ghnó. b F: He is in a fine way about it, (i) tá sé le craobhacha mar gheall air; (ii) tá sé ag goilleadh go trom air. c He is in a fair way to succeed, tá cuma air go n-éireoidh leis. It is not in my way, níl acmhainn agam air. 11 He is in a small way of business, tá gnó beag aige. He publishes in a small way, foilsitheoir beag é. He lives in a small way, maireann sé gan puinn scléipe. 12 a By the way, (i) ar an mbealach, feadh an bhóthair; (ii) dála an scéil; ós ag caint, ag trácht (dúinn), air é. b By way of Derry, bealach Dhoire. To go by way of the strand, the wood, dul bealach na trá, na coille. Boxes by way of chairs, boscaí mar chathaoireacha, ina gcathaoireacha. By way of excuse, mar leithscéal. F: He is by way of being a scholar, tá sé in ainm agus a bheith ina scoláire. 13 pl.N.Arch: Fánán m (saileanna, etc.).
way2, adv. = AWAY. Way back in the fifth century, thiar sa chúigiú haois.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He went a long way about, chuir sé timpeall mór air féin.
The country is admittedly in a bad way, admhaíonn cách go bhfuil drochbhail ar an tír.
All the way, ar feadh an bhealaigh.
Ask him the way, cuir eolas an bhóthair leis.
He made his way back, rinne sé a bhealach ar ais.
To be in a bad plight, a bad way, a bheith in anchaoi, a bheith in umar na haimiléise; (of health) a bheith cloíte go maith.
The best part of the way, of the year, an mhórchuid den bhealach, den bhliain.
To block s.o.'s way, dul i mbealach duine.
He blew in on his way, sciorr sé isteach ar a choiscéim.
He was blundering his way along, bhí sé ag smúracht roimhe.
(Of pers.) To bore (his way) through the crowd, a bhealach a roiseadh tríd an slua.
You can't have it both ways, ní féidir leat an craiceann is a luach a bheith agat.
To break a way, bealach a ghearradh, a oscailt.
To break with s.o., with the traditional way of living, scaradh le duine, le dóigheanna an tseansaoil.
To bring s.o. on his way, duine a chomóradh, a thionlacan, giota den bhealach.
I'm built that way, sin dóigh atá liom.
I'm not built that way, ní hé sin mo dhóigh, níl sin ag teacht le mo chlaonta.
A built-in door way, doras caoch.
v.tr.To burrow a way underground, bealach a thochailt faoi thalamh.
By-ways of history, póicíní na staire.
I don't care either way, is é an cás céanna domsa é.
I don't like the way she carried on, ní maith liom a cuid geáitseála.
He carved his way, ghearr sé bealach dó féin; ghearr sé roimhe.
To see which way the cat jumps, féachaint cén cheard a shéidfidh an ghaoth.
Clear the way! fág an bealach! He cleared a way for himself ghearr sé bealach dó féin.
He comes this way every week, tagann sé thart an bealach seo gach uile sheachtain.
He came round to their way of thinking, tháinig sé ar an mbarúil chéanna leo.
Companion(-way), staighre m cábán.
He continued on his way, lean sé air; choinnigh sé air.
To crush one's way through the crowd, bealach a bhrú tríd an slua.
F: That cuts both ways, tá dhá thaobh ar an scéal sin.
He cut his way through the wood, ghearr sé a bhealach tríd an gcoill.
He gave way to despair, thit an lug ar an lag aige.
He dropped into the habit, the way, of. .., rinne sé cleachtadh de ...
He dropped into the shop on his way back, bhuail sé isteach, sheas sé, sa siopa ar a bhealach ar ais.
To edge one's way into a room, to edge in, caolú isteach (sa seomra).
You can do it either way, tig leat a dhéanamh ar aon cheann den dá shlí.
He was elbowing his way through the crowd, bhí sé ag guailleáil leis tríd an slua.
It is well enough in its way, but..., tá sé ceart go leor ar chuma, ach . . .
He saw the error of his ways, thuig sé an dul amú a bhí air.
Way of escape, bealach m éalaithe.
For example, by way of example, mar shampla.
By way of excuse he said that . . ., mar leithscéal dúirt sé . . .
As an experiment, by way of experiment, d'fhonn tástála.
Face this way, tabhair d'aghaidh mar seo.
I soon fell into their ways, ba ghearr gur éiríos cleachta ar a nósanna.
She is in the family way, tá sí ag iompar clainne.
He is feeling his way, (i) tá sé ag brath na slí roimhe (ii) tá sé ag smúrthacht leis.
He fought his way (out), ghearr sé bealach roimhe amach le teann troda.
He found his way home, mheabhraigh sé a bhealach abhaile.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Clear the way! fág an bealach! He cleared a way for himself ghearr sé bealach dó féin.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News