Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: fist · feirste · fir · firth · fis
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
first could be a grammatical form of: 1 »
New English–Irish Dictionary has an entry for first »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
first. a. I 1 Céad. a The first of April, an chéad lá d'Aibreán. The first two pages, an chéad dá leathanach. The first two horses in the race, an dá chapall tosaigh sa rás. He lives on the first floor, (i) tá sé ina chónaí ar an gcéad urlár; (ii) U.S: tá sé ina chónaí ar chothrom na talún. Phil: The First Cause, an bhunchúis, chéadchúis. The first place (at table, etc.), tús áite (ag bord, etc.). Charles the First, Séarlas a hAon. At first sight, at the first blush, ar an gcéad amharc, fhásc. At the first opportunity, ar an gcéad chóngar. In the first place, i dtosach báire, ar an gcéad dul síos. He succeeded the very first time, d'éirigh leis den chéad iarracht, ar an gcéad iarracht. To wear a new dress for the first time, gúna nua a chaitheamh don chéad uair. It was not your first time, níorbh é an chéad uair agat é. He fell head first, thit sé i ndiaidh a chinn. To be the first (person) to do sth., bheith ar an gcéad duine le rud a dhéanamh. He came out first, bhain sé an chéad áit amach (i scrúdú). F: First thing, ar a luaithe, ar a thúisce. I'll do it to-morrow first thing, déanfad ar an rud is túisce é ar maidin. Th: First night, céadléiriú m. First edition, céadeagráin m. Aut: First speed, céadluas m. Box: First round, céadbhabhta m. My first care, an cúram is measa liom. b First lieutenant, céadleifteanant m. c To get news at first hand, scéala a fháil ó bhunúdar, scéala bunaidh a fháil. 2 Aonú. Twenty-first, an t-aonú ceann fichead, ar fhichid, agus fiche. Seventy-first, an t-aonú ceann seachtód, ar sheachtó, agus seachtó; an t-aonú ceann déag agus trí fichid.   firstly, adv. Ar an gcéad dul síos; sa chéad áit. II   first, s. 1 (An) chéad duine, rud, etc.; tosaí m. He was among the very first, bhí sé ar an gcéad dream ar fad. The first to arrive was John, ba é Sean an chéad fhear a tháinig. To come in an easy first (of the competition), tosach a bhreith go réidh (ar na hiomaitheoirí). Sch: F: To get a double first, céad-onóracha i ndá ábhar a bhaint amach. 2 Ros m, tosach m. From first to last, ó thosach, ó thús, deireadh. From the first, ón gcéad lá riamh; ó thús, ó thosach, ó thosach báire. At first, i dtosach; ar dtús. 3 F: (=first class) I always travel first, téim i gcónaí sa chéad rang. III   first, adv. 1 I dtosach, ar dtús. First of all, first and foremost, i dtosach báire; ar an gcéad dul síos. First and last, tríd is tríd. You will have to do it first or last, beidh ort é a dhéanamh luath nó mall. He said first one thing and then another, bhí gach re scéal aige; bhí malairt scéil gach uile phointe aige. First catch your hare, ag cur síos pota na feola fia is an fia ar an gcnoc. First set your own house in order, baist do leanbh féin ar dtús. 2 Den chéad uair. When I tasted it first, nuair a chéadbhlais mé é. When I first came to Dublin, ar theacht go Baile Átha Cliath dhom den chéad uair. 3 Níos túisce ná . . ., ar dtús. I'd die first, is túisce a mharóinn mé féin, níor mheasa liom mo bhás (ná sin). I'll see him damned first, b'fhearr liom ag an diabhal é. 4 He arrived first (of them), tháinig sé ar an gcéad duine (acu); is é is túisce (acu) a tháinig. You go first, bíodh tosach agatsa; téighse ar tosach. First come first served, tagadh do sheal mar a tháinig tú féin. Ladies first, tosach do na mná. Women and children first, (sábháiltear) mná agus páistí ar dtús; tosach (tarrthála) do mhná agus do pháistí.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
First Lord of the Admiralty, Príomh-Aire na hAimiréalachta.
You speak first, I shall speak after, labhairse ar dtús, labhródsa i do dhiaidh.
On and after the first of the month, ar an gcéad lá den mhí agus uaidh sin amach.
Th: It was her first appearance, ba é an chéad uair di ar an ardán é.
At first appearance, ar an gcéad amharc.
He was successful at the first attempt, d'éirigh leis an chéad uair a d'fhéach sé leis.
At the first blow, leis, ar, an gcéad bhuille.
The first blow is half the battle, dhá thrian cuidithe tosú.
At the first blush, ar an gcéad spléachadh, ar an gcéadamharc.
In the first blush of youth, i dtús na hóige.
The first blush of dawn, teacht dheirge an dá néal.
The first breath of Spring, céad bheos an Earraigh.
F: At the first brush, ar an gcéad ásc.
F: First chop, den chéad scoth.
It is first class, is den togha é; is den chéad scoth é.
You come first, is leatsa tús.
Sp: To come in first, second, teacht ar an gcéad duine, ar an dara duine.
Sch: He came out first, second, fuair sé an chéad áit, an dara háit (sa scrúdú).
First comer, an chéad duine a thagas (thiocfas, etc.).
Money is always the first consideration, cúrsaí airgid is tábhachtaí i gcónaí.
First, second, third, cousin, col m ceathrar, seisear, ochtar.
They are first cousins, tá siad a dó is a dó le chéile.
Diamond of the first water, diamant den chéad scoth.
The first place is due to him, is dleacht, cóir, an chéad áit a thabhairt dó; is dó atá an chéad áit ag dul.
He came in an easy first, bhí an chéad áit aige gan stró.
He came in easily first, he won easily, bhuaigh sé ar a bhogshodar.
Books of first, original, entry, leabhair thúsiontrála.
First of exchange, bille céadscotha.
First finger, corrmhéar.
First-aid outfit, fearas garchabhrach.
First-aid station, post, stáisiún m garchabhrach.
The first-born (child), an chéadghin f, sinsear m na clainne.
Her first-born son, a céadghin mic.
F: First-class dinner, dinnéar ar fheabhas.
First-class player, togha imreora.
That's first-class!, tá sé sin thar barr!
First-hand knowledge, fios m bunaidh.
Of first-rate quality, den chéad scoth.
A first-rate meal, nua gach bia agus sean gach dí.
A first-rate idea!, maith an cuimhneamh é! ardchuimhneamh!
He is a first-rate man, is é plúr na bhfear é.
adv.It is going first-rate, tá sé ag déanamh go seoigh, go diail.
He writes a first-class fist, tá lorg breá láimhe aige.
F: He is in the first flight, tá sé chun tosaigh.
In the first flush of victory, le céad loinne an bhua.
First and foremost, i dtosach báire, ar an gcéad dul síos.
As from the first of January, ar an gcéad lá d'Eanáir agus uaidh sin amach.
Get your dinner first, bíodh do dhinnéar ar dtús agat.
I got him first shot, leag mé ar an gcéad urchar é.
At the first glance, ar an gcéad amharc.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News