from, prep.1a(Indicating departure from a place) Ó, as. To go from the house, imeacht ón teach. To go from the place, imeacht as an áit, ón áit. From Dublin to Galway, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh. From flower to flower, ó bhláth go bláth. b(Of lower limit) Eggs from a shilling a dozen, uibheacha ó scilling an dosaen (suas); uibheacha ar scilling an dosaen agus as sin suas. 2(Of starting point in time) Ó, as. From that day, ón lá sin amach, anuas. From the earliest records onwards, ón aimsir is sia siar a dtéann cuntas air. As from the first of January, ar an gcéad lá d'Eanáir agus uaidh sin amach. From his childhood, from a child, ó bhí sé ina leanbh. From time to time, ó am go ham, ó am go chéile. 3(Of distance, absence) Ó, as. He is (away, absent) from home, tá sé as baile. Not far from..., achar gearr ó... Two miles from here, dhá mhíle as seo. I am far from satisfied, is fada uaim a bheith sásta. 4a(Of separation, removal, freedom) Ó, de. Take the knife from that child, bain an scian den leanbh sin. Receive this book from me, glac an leabhar seo uaim. I do not want it; take it away from me, ní theastaíonn sé uaim; tóg uaim é. He stole a pound from her, ghoid sé punt uaithi. To dissuade s.o. from doing sth., duine a chur ó rud a dhéanamh; a áiteamh ar dhuine gan rud a dhéanamh. Free from tax, saor ó cháin. b(Of protection) Ar, ó. To shelter from the rain, dul san fhothain ar an mbáisteach, ón mbáisteach. To hide from s.o., dul i bhfolach ar dhuine. To save s.o. from death, duine a shábháil ar an mbás. Keep the child away from the fire, seachain an leanbh ar an tine. 5a(Of change of state) Three generations from prince to peasant, trí ghlúin ó rí go rámhainn. The price has been increased from sixpence to a shilling, hardaíodh an luach ó réal go scilling. b(Of distinction, difference) Ó, thar, seachas. He cannot distinguish the good from the bad, ní aithníonn sé idir an mhaith agus an t-olc. This bird differs from the others, tá an t-éan seo difriúil leis an gcuid eile. cTo pick s.o. out from the crowd, duine a aithint sa slua, thar an gcuid eile. To take a plate from the table, pláta a ardú den bhord. To drink from a cup, ól as cupán. Water from the tap, uisce ón sconna. 6a(Of origin, source) He is, comes, from Kerry, is ó Chiarraí dhó, as Ciarraí dhó. A wind from the North, gaoth aduaidh. Airlines to and from the Continent, aerlínte chun na Mór-roinne agus ar ais. Wine from Spain, fíon ón Spáinn. Broadcast commentary on the football final from Croke Park, tuairisc chraolta ar an gcluiche ceannais peile ó Pháirc an Chrócaigh. I heard it from him, chuala mé aige é; is uaidh a chuala mé é. Fuels manufactured from coal, ábhar tine a déantar den ghual. A coat cut from a single piece of cloth, casóg a gearradh as an aon leithead amháin éadaigh. A quotation from the Bible, sliocht as an mBíobla. To draw a conclusion from sth., conclúid a bhaint as rud. To write from s.o.'s dictation, scríobh de réir deachtú duine. From your point of view, ó do thaobhsa dhe; de réir mar a fheictear duitse. bA letter from my father, litir ó m'athair. This is a letter from Daniel O'Connell, litir í seo ó láimh Dhónaill Uí Chonaill. An order from the colonel, ordú ón gcoirnéal. You will obtain the same service from them in return, cúiteoidh siad do chomaoin leat. Tell her from me that . . ., beir leat uaim chuici go . . . (On parcel) From A, ó A, A a sheol. c(Of model, copy) Copied from life, from nature, aithris ar an nádúr. The house was so named from the family, baisteadh amhlaidh an teach don mhuintir. He was so called from his yellow complexion, as a bhuíocht a tugadh an t-ainm sin air. They were so named from their native parish, sloinneadh amhlaidh óna bparóiste dúchais iad. 7(Of cause, motive, reason, ground) To act from carelessness, beart a dhéanamh trí neamhaire, le teann neamhchúraim; gníomh a dhéanamh le neamhaistear. To die from hunger, bás a fháil le hocras, den ocras. I have a headache from it, tá tinneas cinn orm aige. I know him from seeing him in the street, tá aithne agam air de bharr é a fheiceáil sa tsráid. From his looks you might suppose that . . ., ar a dhealramh thuigfí dhuit go . . . From what I have heard, tar éis a bhfuil cloiste agam; óna bhfuil cloiste agam. From what I can see, ón méid is léir dom; chomh fada agus is léir dom; de réir mar a fheictear dom. 8(With adv. prep.) From above, anuas. He come down from the ladder, tháinig sé anuas den dréimire. I saw him from afar, chonaic mé i bhfad uaim é. He went from hence, from thence, d'imigh sé as seo, as sin. From henceforth, as seo amach. He pulled the chair from under me, tharraing sé an chathaoir uaim. Come out from under the table, tar amach as faoin mbord, tar amach faoin mbord. He looked at me from under his eyelashes, d'fhéach sé orm faoina chuid fabhraí. He came forth from amongst the crowd, tháinig sé amach as measc an tslua. Take it from off the table, bain den bhord é. He came from over the hills, b'as taobh amuigh de shliabh é. From of old, (riamh) le sinsireacht, le fios cathain, le fada an lá.