give up, v.tr.1aLigim uaim, scaraim le, tugaim suas (creach, saibhreas, etc.). He gave up his seat to the lady, d'fhág sé a shuíochán ag an mbean. bTickets to be given up at the gate, tabhair uait do thicéad ag an ngeata. 2aTugaim suas do, éirim as (scéim); scaraim le, dealaím ó (chara); cuirim uaim, tréigim, staonaim ó (dhrochnós). He has given up that habit, tá an nós san caite faoi thóin cártaí aige. He has given up drink, tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige. He gave up the idea of buying the farm, chuir sé ceannach na feirme as a cheann. To give up the struggle, do lámh a chur i bpaca. I give up hope, maithim do mo dhóigh. Abs. He gave up, ghéill, loic, stríoc, sé. (Of riddle) I give it up, éirím as. He gave it up as (a bad job), thug sé suas dó. bI had given him up (for lost), is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis. F: I give you up, beannaím uaim tú. 3aTugaim (duine) ar láimh (an dlí, etc.); cuirim (duine) á ghabháil. I gave myself up, thugas mé fhéin ar láimh (an dlí). bTo give oneself up to sth., do shaol a chaitheamh le rud, a thabhairt do rud. He gave himself up to drink, luigh sé isteach ar an ól as éadan.