EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
given , a . 1 At a given time , ag a leithéid seo d’am . At a given point , ag ionad áirithe . 2 Tugtha do, claonta chun . Given to drink , tugtha don ól . I am not given that way , ní duine den chineál sin mé ; ní bhíonn aon dúil agam ina leithéid .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be given over to evil courses , bheith imithe le drabhlás .
He was given exemption from the examination , maitheadh an scrúdú dó .
They had given up expecting me , bhí a súil curtha díom acu .
The account was given in full in the paper , tugadh an cuntas ar a fhad agus ar a leithead sa pháipéar .
It was given to me , tugadh dom (mar bhronntanas) é, bronnadh orm é .
Given a leader they will act , ach ceann a bheith orthu déanfaidh siad rud éigin .
It is not given to all to be rich , ní dlitear do chách a bheith saibhir .
Given any two points , nuair is eol aon dá phointe .
Motion given by the handle , gluaiseacht a chuireann an lámh ar siúl .
The rope has given a good deal , tá an téad ligthe mórán ,
Com : Given in , (tugtha) mar bhreis, mar thuilleadh .
He was given over to evil courses , bhí sé imithe, ligthe, leis an olc ar fad .
Tickets to be given up at the gate , tabhair uait do thicéad ag an ngeata .
He has given up that habit , tá an nós san caite faoi thóin cártaí aige .
He has given up drink , tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige .
I had given him up (for lost) , is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis .
I have given it to him , thug mé dó é .
I haven't given up hope of it , níl deireadh dúile bainte de agam .
(Even) if I were given a hundred pounds, I would not do it , dá dtabharfaí céad punt féin dom ní dhéanfainn é .
He would have given a lot to ..., thabharfadh sé a chuid den saol ach ... adv .
Without notice (given) he sold the house , dhíol sé an teach gan fógra a thabhairt .
Notice is hereby given that . . ., seo fógra don phobal go . . .
Given equal numbers we should win , ach sinn a bheith ar chomhlíon ba cheart an bua a bheith againn .
I am not given to praise , ní duine moltach mé ; is duine righin faoi mholadh mé .
Pen given in return for a pencil , peann a tugadh ar pheann luaidhe, mar mhalairt ar pheann luaidhe .
The play has been given a good send-off , fáiltíodh go mór roimh an (gcéad léiriú den) dráma .
At a given time , ag uair áirithe .
He gave it to John, to which person I had already given money , thug sé do Sheán é, fear ar thugas féin airgead dó roimhe sin .