group1, s.Scata m, gasra m, díorma m; cnuasach m (rudaí), dream m -a (daoine).The people came in groups, tháinig na daoine ina ngasraí, ina ndreamanna. The women formed a group, chruinnigh na mná ina scata. Literary group, gasra liteartha. He arranged the books in groups, roinn sé na leabhair ina mbearta. Group of houses, dornán m tithe. Mth: Grúpa m. Blood group, fuilghrúpa m.
group2 .1v.tr.Bailím ina n-aicmí, rangaím, grúpálaim; cruinním (smaointe). 2v.i.Bailíonn, cruinníonn(round s.o., sth., timpeall ar dhuine, rud).