EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
each . 1 a . Gach, gach aon . Each man , gach fear, gach aon fhear . Each one of us , gach duine againn, gach aon duine againn . 2 pron . a Gach aon (duine, rud, etc .). Each of us , gach aon duine againn . b We each earn one pound, we earn one pound each , tuillimid punt an duine . They cost a shilling each , cosnaíonn siad scilling an ceann . Three groups of ten men each , trí dhíorma, deichniúr i ngach díorma . c Each other , a chéile . For each other , dá chéile . From each other , óna chéile . Triangles equal each to each , triantáin (atá) cothrom le chéile .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They were all in all to each other , ní raibh ann ach iad .
They are very much bound up in each other , tá siad an-doirte dá chéile .
In co-operation with each other , as lámha a chéile .
The chairs cost so much each , chuaigh na cathaoireacha oiread seo an ceann .
To crab each other , a chéile a chrúcáil .
To dovetail two schemes into each other , dhá scéim a fhí ina chéile .
Facing each other , ar aghaidh a chéile amach .
Publishers were falling over each other for his new book , bhí na foilsitheoirí ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an leabhar nua a fháil uaidh .
They are fond of each other , tá cion acu ar a chéile, tá siad báúil dá chéile .
They fell foul of each other , d'éirigh (achrann) eatarthu .
These spoons are going for sixpence each , tá na spúnóga seo á ndíol ar réal an ceann .
The two went for each other , d'éirigh an bheirt chun a chéile .
They kissed (each other) , phógadar a chéile .
They are at law with each other , tá siad ag dlí le chéile .
They were locked in each other's arms , bhíodar snaidhmthe ina chéile .
With each lunge of the ship , le gach tumadh dá dtugadh an long .
They love each other none too well , níl siad rógheal dá chéile .
Each one did his part , rinne gach duine a chion féin .
They are playing into each other's hands , tá siad ag obair as lámha a chéile .
Sciences remote from each other , eolaíochtaí gan mórán baint acu le chéile .
To tell each other secrets , a rúnta a ligean le chéile .
A separate room for each man , seomra dó féin ag gach fear .
To each one his due share , a cheart, a chion, a thabhairt do gach duine .
In each specific case , i ngach cas faoi leith .
They are suited to each other , tá siad ag cur le chéile, oiriúnach dá chéile .
They were at each others throats , bhíodar i bpíobán a chéile .
They were throttling each other , bhí greim scóige acu ar a chéile .
To give full value to each word , a cheart féin a thabhairt do gach focal .
They were at war with each other , bhí sé ina chogadh eatarthu .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
With all his belongings , idir chlaíomh agus each , lena chuid giuirléidí ar fad .
F : The boot is now on the other foot , ar chasadh na n-each, tig athrach scéal ; tá malairt scéil anois ann .
Computed horse-power , each-chumhacht mheasta .
A forty horsepower car , carr daichead each-chumhacht .
F : To put the shoe on the right foot , an diallait a chur ar an each cóir .
Sorry steed , each beagmhaitheasach .