Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: make off · make over · make-do · makeover · maker
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To make allowance(s) for sth., rud a chur san áireamh.
To make amends for an injury, éagóir a chúiteamh, leorghníomh a dhéanamh as éagóir.
To make arrangements to do sth., for sth. to be done, socrú le rud a dhéanamh, go ndéanfaí rud.
To make atonement for a fault, leorghníomh a dhéanamh i gcoir.
To make a bee-line for sth., tarraingt caol díreach ar rud.
To make a bid for a house, an oiread seo a thairiscint ar theach.
F: To make a bid for power, (i) iarraidh a thabhairt ar cheannas a bhaint amach; (ii) iarraidh a thabhairt ar cheannas stáit a fháil le láimh láidir.
To make a bolt for sth., alpadh, áladh, a thabhairt ar rud.
He made a bolt for it, lig sé leis féin de sciotán.
To make a charge for sth., airgead a bhaint amach ar rud; luach a ghearradh ar rud.
To make, put in, a claim for damages, éileamh a dhéanamh ar dhamáiste.
To make s.o. comfortable for the rest of his days, a dhóthain a thabhairt do dhuine go deireadh a shaoil.
That will go far towards making up for the loss, cuideoidh sin go mór leis an gcaillteanas a thabhairt isteach.
For fear of mistakes, of making a mistake, ar fhaitíos an dearmaid, leisce an dearmaid.
He made a name for himself, shaothraigh sé clú dó féin.
To give s.o. a home, to make a home for s.o., dídean f a thabhairt do dhuine.
F: To make a place too hot for s.o., dealga a chur faoi chosa duine.
They made things too hot for him, chuir siad an tine ar an bpíopa aige.
To make it impossible for s.o. to do sth., a chur thar chumas duine rud a dhéanamh.
You are made for this work, le haghaidh na hoibre seo a rugadh thú.
To make an opportunity for s.o. to do sth., caoi a sholáthar, a chur ar fáil, do dhuine le rud a dhéanamh.
To make for, towards, a place, aghaidh a thabhairt ar áit.
He made for me like a madman, thug sé ruathar buile chugam.
Nau: To make for the open sea, aghaidh a thabhairt ar an teiscinn mhór.
These agreements make for peace, cúnamh chun na síochána na socraithe seo.
This fine weather makes for cheerfulness, chuirfeadh an aimsir bhreá seo soilbhreas ar dhuine.
To make it up to s.o. for sth., cúiteamh a dhéanamh le duine i rud.
To make up for losses, an caillteanas a thabhairt isteach.
To make up for the want of sth., uaireasa ruda a chúiteamh.
What he lacked in intelligence, he made up for in strength, an méid a bhí sé siar sa stuaim thug sé isteach sa neart é.
He has made a name for himself, has made his name, tá a chlú déanta aige.
To make it necessary for s.o. to do sth., a chur d'iallach ar dhuine rud a dhéanamh; tabhairt ar dhuine rud a dhéanamh.
Com: I made an offer of twenty pounds for the horse, thairgeas fiche punt ar an gcapall.
I'll make him pay for this, bainfidh mise sin as.
He made a personal application for the position, chuaigh sé féin féin isteach gur iarr sé an post.
To make (one's) preparations for sth., ullmhú roimh rud; fáil faoi réir, do rud.
To make provision for one's family, (i) soláthar do do mhuirín; (ii) riar a gcáis a fhágáil ag do mhuirín.
To make a provision for s.o., teacht isteach a chur in áirithe do dhuine.
I have made it all right for my family, rinne mé socrú maith do mo theaghlach.
F: To make a rod for one's own back, slat a bhaint a sciúrfadh tú féin.
To make room for s.o., áit a dhéanamh do dhuine.
F: To make a run for it, tabhairt faoi theitheadh; dul i muinín reatha.
He made sacrifices for it, chuir sé crua air féin mar gheall air.
To make a search for s.o., duine a chuardach; dul ar lorg duine.
He will make you smart for it, bainfidh sé éiric asat.
To make, put in, send in, a tender for sth., tairiscint a chur isteach ar rud.
To make up for lost time, an t-am a cailleadh a thabhairt isteach.
To get s.o. into trouble, to make trouble for s.o., trioblóid a tharraingt ar dhuine.
To make things uncomfortable for s.o., bearrán a dhéanamh ar dhuine; ceataí a dhéanamh do dhuine.
To make up for the want of sth., díobháil ruda a chúiteamh.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News