meet1, a.Oiriúnach, feiliúnach, ceart.Diamond meet for a queen, díol banríona de dhiamant. As was meet, mar ba chóir. ►meetly, adv.Go hoiriúnach, etc.
meet2, s.Tionól m, cruinniú m (seilge, lucht rothar, etc.).
meet3,Iv.tr.1Casaim ar, do, le; buailim le. I met him in the street, casadh orm, liom, dom, ar an tsráid é. He met his death at two o'clock, ar a dó a chlog a cailleadh é, a fuair sé bás. 2aTéim i gcomhrac, i ngleic, le (duine). bTugaim aghaidh ar (an mbás, dheacracht, etc.). 3Téim roimh (dhuine). To go to meet s.o., dul i gcoinne, in airicis, duine. The bus meets all trains, bíonn an bus roimh gach aon traein. To arrange to meet s.o., coinne a dhéanamh le duine. 4Cuirim aithne ar (dhuine). Meet Mr. Walsh, seo agat an Breatnach. Pleased to meet you, cén chaoi bhfuil tú?5My request was met by the reply that . . ., is é an freagra a tugadh ar m'achainí go... What a scene met my eyes!a leithéid d'amharc agus bhí romham, If this should meet the eye of the priest, má leagann an sagart a shúil air seo. There is more in it than meets the eye, tá tuilleadh ann, an té a thuigfeadh é. My eye met his, dhearcas sa tsúil air. I dared not meet his eye, ní ligfeadh an eagla dom amharc díreach idir an dá shúil air. 6aTo meet s.o.'s views, teacht chun réitigh le duine. To meet s.o., aontú le duine; tabhairt isteach do dhuine. bRiaraim ar (riachtanas). It does not meet my requirements, ní dhéanfaidh sé cúis dom. He has enough to meet his needs, tá riar a cháis aige. cCom: Freagraím (seic, bille), dTo meet expenses, an dola a réiteach; an costas a sheasamh. IIv.i.aWe have met before, bhí muid ag caint le chéile cheana. Until we meet again, beannacht leat go bhfeicfidh mé arís thú. bTo meet (together), teacht le chéile, i gceann a chéile. When the committee meets, nuair a bheidh cruinniú ag an gcoiste. cTagann le chéile. Where the two rivers meet, ag comhrac an dá uisce. Extremes meet, soir gach siar faoi dheireadh thiar. Our eyes met, dhearcamar sna súile ar a chéile. Trying to make ends meet, ag iarraidh cuid a chur le costas, dTo meet with sth., s.o., casadh ar dhuine, rud. He met with a kindly reception, cuireadh fáilte charthanach roimhe. He met with difficulties, casadh deacrachtaí ina bhealach. To meet with losses, cailleadh. He met with a refusal, tugadh an t-eiteach dó. He met with an accident, bhain, tharla, taisme dó.